Search

21 Oct 2025

Urraíocht Chill Dara le Gaeilge ar Chath na mBannaí – comórtas bliantúil Scoil Uí Riada, Cill Choca

Ghlac seacht ngaelscoil ó lár na tíre páirt sna comórtais i Scoil Uí Riada i gCill Choca, Contae Chill Dara

Urraíocht Chill Dara le Gaeilge ar Chath na mBannaí – comórtas bliantúil Scoil Uí Riada, Cill Choca

Ghlac seacht ngaelscoil ó lár na tíre páirt sna comórtais i Scoil Uí Riada i gCill Choca, Contae Chill Dara

Bíonn comórtas idirscoile ceoil agus amhránaíochta Scoil Uí Riada “Cath na mBannaí” á reáchtáil chun an cultúr Gaelach a chothú i measc Gaelscoileanna i gCúige Laighean.

Déardaoin an 20ú Márta 2025, chuir Scoil Uí Riada an comórtas bliantúil idirscoile ar siúl chun deis a thabhairt do pháistí bunscoile teacht le chéile agus a gcuid ceoil agus amhrán traidisúnta a chur chun cinn i mbealach taitneamh agus spraíúil. B

hí dhá chomórtas i gceist: Comórtas na mBannaí Ceoil ina raibh ar bhannaí ceoil d’uasmhéid 20 páiste idir 5-8 nóiméad de cheol leanúnach a sheinm, agus an Comórtas Amhránaíochta Córaí do chóir.

Ghlac seacht nGaelscoil páirt sna comórtais i halla Scoil Uí Riada i gCill Choca, Contae Chill Dara: ceithre scoil ó Chontae Chill Dara, scoil amháin ó Chontae Uíbh Fhailí agus ó Chontae na hIarmhí, agus thaistil scoil amháin ó Chontae Cheatharlach fiú.

B’ócáid cheiliúrtha a bhí ann ar thraidisiúin láidir an chultúir Ghaelaigh a chothaítear mar chuid den Ghaeloideachas.

B’iad Gaelscoil Nás na Ríogh a thug leo comórtas na mbannaí ceoil don dara bliain as a chéile, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc a tháinig sa dara háit agus b’iad Scoil Uí Riada a bhain an tríú háit amach. D’éirigh le Gaelscoil an Mhuilinn, den chéad iarracht dóibh, comórtas na gcór a thabhairt leo, agus Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc arís sa dara háit agus Gaelscoil Uí Fhiaich sa tríú háit.

Bhain na páistí agus na múinteoirí an-súp as an gcóisir cheoil agus shiamsaíochta, a reáchtáladh le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge. Ba iad Sarah Walsh (Cill Dara le Gaeilge), Marie Louise Bowe agus Martin O Connell moltóirí na gcomórtas. Ba í an múinteoir Úna Ní Fhlatharta a bhí i mbun na comórtais a eagrú.

LÉIGH TUILLEADH: ‘Tá meas tuillte aici’ – dealbh Molly Malone chun cosaint a fháil chun stop a chur ó dhaoine ‘ag stealladh uirthi’

Ráiteas ó Úna Ní Fhlatharta, Príomhoide, Scoil Uí Riada: “Is cúis bróid agus mórtais dúinn anseo i Scoil Uí Riada go bhfuil an comórtas ar an bhfód ó 2019 agus go bhfuil líon na rannpháirtithe ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Bíonn sé de phríomhaidhm againn páistí ó scoileanna éagsúla a thabhairt le chéile chun a gcuid ceoil agus amhrán thraidisiúnta a roinnt i mbealach taitneamhach agus spraíúil.

"Is mór an rud é an deis seo a thabhairt do na páistí ach ní tharlódh an lá murach maoiniú Chill Dara le Gaeilge agus tiomantas agus dúthracht múinteoirí na bpáistí. Gabhaim buíochas ó chroí le Sarah Walsh (Cill Dara le Gaeilge), Marie Louise Bowe agus Martin O’Connell as a gcuid oibre agus a gcuid moltaí. Táimid ag tnúth le Cath na mBannaí 2026!”

Seo a dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge: “Ba mhór an phribhléid do Chill Dara le Gaeilge tacú leis an gcomórtas “Cath na mBannaí” i mbliana. Ba mhaith le Cill Dara le Gaeilge ár gcomhghairdeas a ghuí ar na buaiteoirí ar fad agus molaimid ardchaighdeán na gceoltóirí a bhí i measc na n-iomaitheoirí i mbliana.

Tréaslaímid le Scoil Uí Riada as an gcomórtas seo a eagrú agus a reáchtáil, ag cruthú deise do na ceoltóirí ó Ghaelscoileanna Chontae Chill Dara go háirithe, teacht le chéile don chomórtas seo. Tá súil againn go rachaidh sé ó neart go neart sna blianta romhainn agus go dtabharfar deis do dhaltaí na nGaelscoileanna dul ar an ardán in iomaíocht lena chéile i gCath na
mBannaí gach bliain.”

Tugtar maoiniú do Chill Dara le Gaeilge tríd an Scéim Tacaíochta Gaeilge atá ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 Fhoras na Gaeilge.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.