Tháinig Iuliana Vlad, atá ina cónaí i mBun an Phobail, chun cónaí in Éirinn seacht mbliana ó shin
Roimh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an 4 agus an 5 Márta in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, tá aird á tarraingt againn ar thaithí foghlama agus dul chun cinn na mac léinn reatha agus na n-iar-mhac léinn de chuid FET.
Bhí lúcháir ar bhean ón Mholdóiv, a thug faoi chúrsa ríomhghnó chun tús a chur lena gairm go háitiúil, post a fháil a luaithe is a bhí an cúrsa curtha i gcrích aici.
Tháinig Iuliana Vlad, atá ina cónaí i mBun an Phobail, chun cónaí in Éirinn seacht mbliana ó shin. Tá céim Mháistreachta aici san eacnamaíocht, TF agus matamaitic óna tír dhúchais, ach bhí sí ag streachailt maidir le hobair a fháil gan aon cháilíochtaí Éireannacha.
Bhí blas Dhún na nGall ann freisin, agus in ainneoin go ndearna Iuliana staidéar ar an Bhéarla, is doiligh an beart é dul i dtaithí ar bhlas na háite.
“Shochraigh mé gur ghá dom Béarla a fhoghlaim ar dtús, in ionad post a lorg a n-oirfeadh domh,” a dúirt Iuliana.
Tar éis trí bliana san earnáil fáilteachais agus feabhas á chur aici ar a scileanna comhrá, mhothaigh Iuliana muiníneach go leor chun tús a chur le breisoiliúint arís agus chláraigh sí le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).
Chuir sí tús le clár leabharchoimeádta, ar chuir an phaindéim isteach air ar an drochuair Gan scáth gan eagla, rinne Iuliana oiliúint Bhéarla dhá uair sa tseachtain go dtí gur chuir sí tús leis an chúrsa ríomhghnó ag Ionad FET i mBun Cranncha.
Tugann an clár dhá bhliain seo scileanna TF do mhic léinn le haghaidh obair riaracháin oifige.
Bronntar gradaim QQI Leibhéal 5 ar mhic léinn i modúil lena n-áirítear cumarsáid, párolla, modhanna scarbhileoige, ceapadóireacht gréasáin, úsáid idirlín, staidéir ríomhghnó, agus próiseáil focal.
Ghlac Iuliana leis an deis tuilleadh a fhoghlaim faoi thírdhreach síorathraitheach an ghnó ar líne.
“Chuidigh an t-eolas a fuair mé ansin go mór liom,” a dúirt sí.
“Le TF agus IS nua-aimseartha bíonn rudaí nua le foghlaim i dtólamh. Nuair a bhí mé i mbun staidéir sa Mholdóiv, ní raibh Excel chomh forbartha is atá sé anois. Tá an oiread feabhais tagtha ar chláir eile de chuid Microsoft anois.”
LÉIGH TUILLEADH | PICTIÚIR: D’fhéadfadh teachín tuaithe i Maigh Eo a bheith mar ‘gheam i bhfolach’ duit ar €200k
Taobh amuigh den churaclam, ba mhór ag Iuliana an timpeallacht foghlama thacúil ag an Ionad ETB.
“Thaitin an caidreamh idir múinteoirí agus daltaí liom. Mhothaigh mé go raibh siad iontach cairdiúil, cuidiúil agus proifisiúnta. Chuaigh mé isteach gach lá agus sonas orm, ní raibh mé ag dul ann agus eagla orm roimh an staidéar.
“Bhí an dearcadh agus an t-atmaisféar in ETB Bhun Cranncha iontach deas. Le linn an dá bhliain sin, bhí siad cosúil le teaghlach domhsa.”
Tá toradh a dúthrachta le feiceáil ag Iuliana. Ba é an phríomhaidhm a bhí aici maidir leis an chúrsa a dhéanamh ná fostaíocht lánaimseartha a fháil, agus níor thóg sé i bhfad uirthi a bheith fostaithe mar Chléireach Cuntais.
“Bhain mé mo sprioc amach. Chríochnaigh mé i mí an Mheithimh 2023 agus ar an 3 Iúil 2023 bhí mé fostaithe ag cuideachta Gáis an Iarthuaiscirt i gCarn Domhnach”, a dúirt sí.
Baineann Iuliana úsáid as a cuid scileanna ón chúrsa ríomhghnó ina cuid oibre gach lá, ó phárolla go dtí na Coimisinéirí Ioncaim.
“Bíonn feabhas á chur agam ar mo chuid scileanna agus ar mo chuid Béarla i dtólamh, agus is é sin an fáth a mholaim ETB Dhún na nGall. Má tá tú ag teacht ó thír iasachta agus tú ag iarraidh rud inteacht fiúntach a dhéanamh, molaim an cúrsa seo go láidir.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Danielle, Alan, Alison agus Elaine agus leis na comhghleacaithe go léir as a bheith iontach cuidiúil.”
Níl i gcúrsa Iuliana ach ceann amháin den iliomad cúrsaí tacaíochta cúraim sláinte lánaimseartha agus páirtaimseartha a thairgtear trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall – gheobhaidh tú an raon cúrsaí iomlán atá acu ar fud an chontae ar a suíomh gréasáin, áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne am ar bith: donegaletb.ie/fetcoursefinder.
Chun tuilleadh eolais a fháil, bígí linn ag Aonach FET ETB Dhún na nGall 2025 ar an 4 agus an 5 Márta san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn:
Dé Máirt, an 4 Márta, 7pm-9pm:
Tugtar cuireadh do lucht fágála scoile, a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí, Comhairleoirí Gairmthreorach agus Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí scoile freastal chun cluinstin faoi roghanna FET ar fud an chontae. Tugtar cuireadh fosta dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair agus atá ag iarraidh uasoiliúint cluinstin faoi na deiseanna uasoiliúna a thairgtear tríd an tSeirbhís FET.
Cuirfear tús le plé painéil ar roghanna FET (cúrsaí iar-Ardteistiméireachta, cúrsaí oiliúna agus céimeanna tríú leibhéal), printíseachtai agus tacaíochtaí oiliúna fostaithe ag 7pm.
Dé Céadaoin 5 Márta, 10am-2pm:
Tugtar cuireadh dóibh siúd ar mhaith leo eolas a fháil faoin raon leathan deiseanna oideachais agus oiliúna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá á gcur ar fáil ag Seirbhís FET ETB teacht chun labhairt leis an fhoireann chun tuilleadh a fháil amach. Beidh taispeántais scileanna idirghníomhacha ar siúl i rith an lae.
Coinnigh súil ar a gcuntais meán sóisialta (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) faoi choinne nuashonruithe agus sonraí breise, nó téigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB ar 074 91 78088, ríomhphost, nó comhlánaigh an fhoirm ghréasáin seo, agus rachaidh siad i dteagmháil leat: donegaletb.ie/adultguidance.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.