Tá an CSO ag earcú Oifigeach Tacaíochta Allamuigh do Dhaonáireamh 2027


Is féidir le hoifigigh níos mó ná €3,000 a thuilleamh, chomh maith le costais taistil, as obair ocht seachtaine
Tá feachtas earcaíochta ar siúl ar fud na tíre do 3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh chun cabhrú le Daonáireamh 2027 a chur i gcrích; tá €3,000 á thairiscint as obair pháirtaimseartha thar thréimhse ocht seachtaine.
Tacóidh na hoifigigh – a bheidh ag glacadh áit na nÁiritheoirí Daonáirimh traidisiúnta – le teaghlaigh chun a thuiscint conas, cá háit agus cathain is féidir leo a bhfoirm dhaonáirimh a chomhlánú.
Don chéad uair, beidh an rogha ag teaghlaigh an daonáireamh a chomhlánú ar líne freisin.
Tá iarratais don ról seo oscailte ón maidin inniu go dtí Dé hAoine, an 4 Nollaig, ar a 2 i.n.
Mar sin féin, tá comhairle tugtha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) dóibh siúd a bhfuil suim acu ann iarratas a dhéanamh go luath, mar dúnfar an próiseas a luaithe a bheidh 12,000 iarratas faighte.
Beidh gach oifigeach freagrach as idir 450 agus 850 teach, agus rachaidh siad ó dhoras go doras idir an 5 Aibreán agus an 9 Bealtaine an bhliain seo chugainn.
Ina dhiaidh sin, rachaidh na hoifigigh i dteagmháil le teaghlaigh nár chomhlánaigh foirm dhaonáirimh.
Is féidir le hoifigigh níos mó ná €3,000 a thuilleamh, chomh maith le costais taistil, as obair ocht seachtaine, agus oibreoidh siad thart ar 18 uair an chloig sa tseachtain.
Caithfidh daoine sa ról seo a bheith os cionn 18 mbliana d’aois, agus ba cheart go mbeidís "i mbarr a sláinte" (go fisiciúil).
Cuirfear fón póca ar fáil dóibh ina mbeidh aip chun taifead a dhéanamh ar na tithe ar thug siad cuairt orthu; beidh léarscáil den cheantar a mbeidh siad freagrach as san aip sin freisin.
Is féidir le daoine ar mian leo iarratas a dhéanamh é sin a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an daonáirimh..