Déanann TG4 céim mhór chun cinn le seoladh spreagúil

Tugann TG4+ ‘Súil Eile’ chuig glúin nua de lucht féachana, ag cruthú baile digiteach do na scéalta sainiúla agus don ábhar cruthaitheach a fhágann go bhfuil TG4 uathúil

Tá TG4+, an leagan nua feabhsaithe de Sheinnteoir TG4, seolta anois. Is tús é seo le caibidil nua spreagúil i dtodhchaí dhigiteach TG4, tráth a bhfuil an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer.

Seoladh é le déanaí, i gcomhthráth le comóradh 30 bliain TG4. Cuireann TG4+ bealach níos nua-aimseartha, níos tarraingtí agus níos tumtha ar fáil do lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain chun ábhar i nGaeilge a aimsiú agus taitneamh a bhaint as.

Tugann an t-ardán nua rochtain ar bhailiúchán fairsing ina bhfuil:

níos mó ná 690 sraith iomlán, os cionn 9,200 clár, breis agus 4,600 uair an chloig d’ábhar, agus níos mó ná 50 uair an chloig d’fhotheidil Ghaeilge (roghnach) a ghabhann le drámaí agus scannáin.

Tá sé níos éasca ná riamh anois ag an lucht féachana iniúchadh a dhéanamh ar na cláir, na cláir faisnéise, na drámaí agus an t-ábhar siamsaíochta is fearr leo ó TG4, agus taitneamh a bhaint astu.

Mar chuid den seoladh, tá an dara sraith iomlán den dráma Gaeilge a bhfuil an-mholadh faighte aige, *CRÁ*, ar fáil ar TG4+; deis iontach don lucht féachana an tsraith ar fad a fheiceáil.

Dúirt Joan Ní Éanacháin, Eagarthóir Il-ardán TG4: “Is athrú é TG4+ ar an gcaoi a smaoinímid ar ár n-ábhar. Ní hamháin gur cláir iad le craoladh, ach is scéalta iad ar féidir teacht orthu, iniúchadh a dhéanamh orthu agus taitneamh a bhaint astu i bhfad tar éis an chéad chraolta. Is é an aidhm atá againn ná lánluach ábhar TG4 a bhaint amach, trína thaisce shaibhir a thabhairt le chéile le léiriúcháin nua bhunaidh. Cruthaíonn sé seo ceann scríbe digiteach tarraingteach do scéalaíocht na Gaeilge.

“Tá sé mar aidhm againn níos mó cúiseanna a thabhairt don lucht féachana teacht chuig TG4+, níos mó rudaí a chur ar fáil dóibh le fáil amach nuair a thagann siad, agus níos mó cúiseanna a thabhairt dóibh filleadh arís. De réir mar a athraíonn nósanna féachana, ba mhaith linn go mbeadh ábhar Gaeilge mar chuid den saol digiteach laethúil – ag teacht i dteagmháil le lucht féachana nua, ag neartú an chaidrimh leis an lucht féachana, agus ag cinntiú go leanann guth sainiúil TG4 ag forbairt, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.” Mar ghné nua, chun cur leis an taithí atá ag an úsáideoir, cuireann TG4+ 50 uair an chloig d’fhotheidil Ghaeilge ar fáil – rogha atá ar fáil le cláir dhrámaíochta agus scannáin. Tugann sé seo deis d’fhoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú trí fhéachaint ar an teanga, éisteacht léi, agus í a léamh ag an am céanna. Chomh maith leis sin, tá an rogha ag cainteoirí líofa Gaeilge féachaint ar ábhar agus fotheidil Ghaeilge á n-úsáid acu; tacaíonn sé seo le bealaí éagsúla inar féidir le lucht féachana idirghníomhú le cláir Ghaeilge ar an ardán, agus léiríonn sé an gnáthchleachtas atá ann anois fotheidil a úsáid ar ardáin sruthaithe.

Ag labhairt dó tar éis an tseolta, dúirt Peadar Ó Flatharta, Bainisteoir Ardán ag TG4: “Is tús le caibidil nua spreagúil é seoladh TG4+ do TG4, agus muid ag ceiliúradh 30 bliain de chraolachán. Ba é an aidhm a bhí againn ná eispéireas níos nua-aimseartha, níos tarraingtí agus níos éasca le húsáid a chruthú, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca don lucht féachana teacht ar an saibhreas ábhair Ghaeilge atá ar fáil agus taitneamh a bhaint as. Le na mílte uair an chloig de chláir, sraitheanna iomlána agus ábhar eisiach, cuireann TG4+ níos mó rogha agus solúbthachta ar fáil don lucht féachana maidir le conas agus cathain a fhéachann siad ar an ábhar. Is céim thábhachtach í seo chun a chinntiú go leanann TG4 ag cothú nasc leis an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.” Is céim shuntasach é TG4+ i dtreo uaillmhian TG4 a bheith ina chraoltóir seirbhíse poiblí ilmheánach, neamhspleách ar ardáin.

Tá an tseirbhís nua deartha chun ábhar Gaeilge a dhéanamh níos inrochtana agus níos éasca a aimsiú; freagraíonn sí do nósanna féachana atá ag athrú, agus cuireann sí ar chumas an lucht féachana taitneamh a bhaint as cláir ag am agus in áit a oireann dóibh.

Agus TG4 ag féachaint chun cinn ar an gcéad 30 bliain eile, beidh ról lárnach ag TG4+ maidir le hábhar Gaeilge a nascadh le lucht féachana sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Tugann TG4+ ‘Súil Eile’ chuig glúin nua de lucht féachana, ag cruthú baile digiteach do na scéalta sainiúla agus don ábhar cruthaitheach a fhágann go bhfuil TG4 uathúil.

Is toradh ar iarracht chruthaitheach chomhoibríoch é forbairt TG4+, inar tháinig ár bhfoireann deartha inmheánach, Red Bee Creative agus 8Bytes le chéile. I gcomhpháirt, d’aistrigh siad branda TG4 go heispéireas digiteach comhaimseartha a léiríonn spiorad ‘Súil Eile’, ag cruthú spáis inar féidir leis an lucht féachana ábhar a aimsiú, taitneamh a bhaint as, agus filleadh air arís.

Cliceáil anseo chun TG4+ a íoslódáil.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice