Aisteoir a bhfuil duaiseanna buaite aige le feiceáil ar an Late Late Show


Bí i dteannta Patrick Kielty agus a aíonna ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ag tosú ar 9.35in Dé hAoine seo
Beidh an t-aisteoir Henry Winkler – a bhfuil gradam Emmy buaite aige – i láthair in éineacht le Patrick Kielty ar an Late Late Show Dé hAoine seo, áit a labhróidh sé faoina ghairm iontach i Hollywood.
Pléifidh Henry gach rud, óna ról mar ‘The Fonz’ sa tsraith theilifíse Happy Days go dtí a chuid oibre i sraitheanna ar nós Arrested Development, Parks and Recreation, agus an tsraith rathúil Barry. Labhróidh sé freisin faoina chamchuairt in Éirinn, faoin bhfáth a bhfuil meas ar leith aige ar chomhraiceoirí dóiteáin, agus faoin gcaoi a bhfuil breis agus 50 bliain caite aige i saol na siamsaíochta.
Beidh Allen Leech, réalta Downton Abbey, i stiúideonna RTÉ chun labhairt faoi scannánú a scannáin nua, The Body is Water, i gCorcaigh; faoin gcaoi ar athraigh an t-atharthacht a dhearcadh ar an saol go hiomlán; agus faoin gcaoi ar thug a ról mar an tiománaí Tom Branson go dtí an Teach Bán é.
Beidh láithreoir RTÉ, Brendan O'Connor, i dteannta Patrick chun labhairt faoi thionscadal atá an-ghar dá chroí. Is sraith faisnéise teilifíse nua ó RTÉ í Able* a leanann seisear daoine faoi mhíchumas agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh i margadh fostaíochta na hÉireann. Beidh na rannpháirtithe agus Brendan i láthair in éineacht le Patrick chun an tsraith a phlé.
Labhróidh an fuirseoir duaisbhuaiteach Mo Gilligan faoina chamchuairt úrnua, The Mo You Know. Nochtfaidh sé sonraí faoina thaithí mar bhreitheamh ar The Masked Singer, agus inseoidh sé conas a d’éirigh leis maireachtáil ar sicín friochta amháin ar feadh míosa dá chlár faisnéise, Big Chicken: A Fast Food Conspiracy.
Beidh Louise Cantillon – cruthaitheoir podchraoltaí, láithreoir raidió agus bean as Luimneach a bhfuil bród uirthi as a háit dhúchais – i láthair chun cúpla focal a rá agus chun eolas a thabhairt do lucht féachana faoina clár faisnéise nua ar RTÉ, take Me To Church, a scrúdaíonn ról an reiligiúin in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Agus gan ach coicís fágtha go dtí an Late Late Toy Show i mbliana, beidh láithreoir 2FM, Carl Mullan, i láthair beo ó áit éigin sa tír chun iontas a chur ar dhuine den lucht féachana – duine nach mbeidh aon choinne aige leis – agus deis a thabhairt dó ticéid a bhuachan don *Toy Show*. Chomh maith leis sin, beidh an soprán Éireannach agus láithreoir RTÉ lyric fm, Claudia Boyle, sa stiúideo le haghaidh léiriú ceoil – a léirmhíniú uathúil féin ar an amhrán clasaiceach ó Elbow, 'One Day Like This'.
Bí i dteannta Patrick Kielty agus a aíonna ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ag tosú ar 9.35in Dé hAoine seo