Dhá radharc dheimhnithe ar sheiseanna Áiseacha i mBaile Átha Cliath


Iarrtar ar an bpobal eolas a chur orthu féin faoi chuma an tseise Áisigh agus a bheith ar an airdeall.
Iarrtar ar an bpobal a bheith ar an airdeall i leith seiseanna Áiseacha, tar éis dhá radharc dheimhnithe den speiceas ionrach seo i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Tháinig an chéad tuairisc faoi sheis Áiseach ó cheantar na Liberties ar an 8 Samhain, agus tháinig an dara tuairisc trí lá ina dhiaidh sin ó cheantar Duga an Chanáil Mhóir (Grand Canal Dock) sa chathair.
Dheimhnigh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta (National Biodiversity Data Centre) an dá radharc ina dhiaidh sin.
De réir RTÉ, cuireadh an Prótacal Náisiúnta um Fhreagairt Thapa i leith Seiseanna Áiseacha i bhfeidhm. Rinne an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra oibríocht chuardaigh agus faireachais fhairsing, a chuimsigh suirbhéanna éagsúla agus bearta monatóireachta.
Mar sin féin, níor aimsíodh aon fhianaise ar nead i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus d’fhéadfadh sé gur eiseamail aonair a bhí sna seiseanna Áiseacha a chonacthas.
De réir mar a bhíonn an teocht ag titim ar fud na hÉireann, tá na seiseanna oibre atá fágtha ag fáil bháis; dá bhrí sin, ní féidir leanúint leis an bhfaireachas gníomhach.
Iarrtar ar dhaoine eolas a chur orthu féin faoi chuma an tseise Áisigh agus a bheith ar an airdeall nuair a éiríonn an aimsir níos teo.
Má fheiceann duine ar bith ceann acu, ba cheart dóibh grianghraf a thógáil agus tuairisc a thabhairt air.
Bhí roinnt radharcanna eile dheimhnithe ar sheiseanna Áiseacha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath le míonna beaga anuas – lena n-áirítear i gcathair Chorcaí, áit ar aimsíodh dhá nead.
Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí agus eolais a fháil.