Déagóir básaithe tar éis sáite ar shráid ghnóthach i gCorcaigh
.jpeg?trim=0,1,0,0&crop=&width=640&quality=70&enable=upscale)

Tá tús curtha ag na Gardaí i gCorcaigh le himscrúdú dúnmharaithe maidir leis an eachtra a tharla in aice le Stáisiún Kent sa chathair
Tá beirt fhear curtha faoi choinneáil mar chuid d’imscrúdú dúnmharaithe, tar éis do dhéagóir bás a fháil in ionsaí le scian i gcathair Chorcaí.
Deir na Gardaí gur tharla an t-ionsaí marfach ar Bhóthar Ghlanmire Íochtarach (Lower Glanmire Road) sa chathair thart ar 1.30 i.n. Dé Máirt.
Tharla an eachtra in aice le Stáisiún Traenach Kent, ceann de na stáisiúin is gnóthaí sa tír.
Deir na Gardaí gur gortaíodh déagóir 18 bliain d’aois go dona san ionsaí, agus gur bhásaigh sé ina dhiaidh sin in Ospidéal Ollscoile Chorcaí.
Tá tús curtha ag na Gardaí i gCorcaigh le himscrúdú dúnmharaithe féachaint ar imthosca uile na heachtra, agus tá beirt fhear — duine fásta óg agus duine faoi aois — curtha faoi choinneáil i dtaca leis an imscrúdú.
Tá siad á gcoinneáil faoi láthair i stáisiúin Ghardaí i gCorcaigh faoi fhorálacha Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.
Déanfaidh an Cúntóir Paiteolaí Stáit, an Dr Margot Bolster, scrúdú iarbháis, agus deir na Gardaí go gcabhróidh na torthaí leis an imscrúdú dúnmharaithe seo.
Tá an t-imscrúdú seo á chomhordú ó sheomra eachtra i stáisiún Gardaí Mayfield, faoi stiúir oifigeach imscrúdaithe sinsearach.
Tá oifigeach idirchaidrimh teaghlaigh ceaptha chun tacú le teaghlach an duine a fuair bás.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun cinn, go háirithe iad siúd a bhí ag taisteal nó ag tiomáint i gceantar Bhóthar Ghlanmire Íochtarach i gCorcaigh Dé Máirt, an 17 Samhain, idir 1.15 i.n. agus 1.45 i.n.
Tá iarratas déanta acu freisin ar dhuine ar bith a bhfuil físeáin acu — lena n-áirítear ábhar ó cheamaraí deais (dash-cams) — iad a chur ar fáil do na Gardaí atá i mbun an imscrúdaithe.