Tairiscint seolta do sheirbhís aeir nua idir Baile Átha Cliath agus Doire

Tairiscint seolta do sheirbhís aeir nua idir Baile Átha Cliath agus Doireplaceholder image
Tairiscint seolta do sheirbhís aeir nua idir Baile Átha Cliath agus Doire

Deir an Rialtas go mbeidh an tseirbhís nua ag feidhmiú faoin 28 Márta, 2027, ar a dhéanaí

Sheol an tAire Iompair Darragh Ó Briain an próiseas tairisceana iomaíoch do sheirbhís aeir nua Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO) idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chathair Dhoire.

Neartóidh an tseirbhís aeir nua seo an nascacht idir Baile Átha Cliath agus an Iarthuaisceart tuilleadh agus comhlíonfaidh sí gealltanas Chlár an Rialtais chun nascacht a fheabhsú agus cur le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud oileán na hÉireann.

Ag trácht air, dúirt an tAire Ó Briain: “Is céim thábhachtach í an tseirbhís aeir nua seo i dtreo nascacht iompair a fheabhsú do phobail agus do ghnólachtaí go Cathair Dhoire agus ó réigiún níos leithne an Iarthuaiscirt.

“Cuirfidh an tseirbhís atá maoinithe ag an Státchiste rochtain fheabhsaithe ar fáil ar Bhaile Átha Cliath le haghaidh gnó, oideachais agus críocha riachtanacha eile, agus cuirfidh sí nascacht ar aghaidh trí Aerfort Bhaile Átha Cliath ar fáil freisin. Rud tábhachtach, tá an cumas aici freisin chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus deiseanna nua a sholáthar do thurasóireacht isteach san Iarthuaisceart.”

Trí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, tá an Rialtas ag cur béime leanúnach ar thodhchaí chomhroinnte, réitithe a thógáil do gach pobal ar an oileán.

Bunófar seirbhís aeir PSO Bhaile Átha Cliath-Doire mar chuid den Tionscnamh seo le tréimhse conartha suas le ceithre bliana, a bheidh maoinithe trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

Faoi réir thoradh an phróisis tairisceana iomaíoch, meastar go dtosóidh an t-iompróir rathúil ar sheirbhísí a luaithe is féidir ó thaobh oibríochta de agus tráth nach déanaí ná an 28 Márta, 2027.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice