An Garda Síochána ag déanamh an dara gabháil i ndiaidh urghabháil cócaín ar fiú €10m í


Deir na Gardaí gur ghabh siad fear, atá sna fichidí, i dtaca le hurghabháil cócaín ar fiú €10.25 milliún é, a tharla i bPaulstown, Contae Chill Chainnigh, ar an 18 Márta 2025
Tá an dara fear curtha faoi ghabháil ag na Gardaí atá i mbun imscrúdaithe ar urghabháil mhór drugaí a tharla anuraidh.
Deir na Gardaí gur ghabh siad fear, atá sna fichidí, i dtaca le hurghabháil cócaín ar fiú €10.25 milliún é, a tharla i bPaulstown, Contae Chill Chainnigh, ar an 18 Márta 2025.
"Tá an fear á choinneáil faoi láthair i stáisiún Garda in oirdheisceart na tíre, faoi Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007," a dúirt urlabhraí.
Is é an fear seo, a gabhadh Dé hAoine, an dara duine a gabhadh i dtaca leis an imscrúdú seo.
Tá fear eile tar éis dul os comhair na cúirte cheana féin maidir leis an ábhar seo.
Deir na Gardaí go bhfuil an t-imscrúdú fós ar siúl.