Scéim tacaíochta breosla €20m don earnáil tógála agus cairéalachta

Scéim tacaíochta breosla €20m don earnáil tógála agus cairéalachtaplaceholder image
Scéim tacaíochta breosla €20m don earnáil tógála agus cairéalachta | Grianghraf cartlainne

Tá scéim nua €20 milliún ceadaithe ag an Rialtas chun tacaíocht breosla a chur ar fáil don earnáil tógála agus cairéalachta; íocfar na tacaíochtaí sin in 2027

Tagann an scéim seo i ndiaidh tacaíochtaí comhchosúla a fógraíodh níos luaithe i mbliana – agus a cuireadh síneadh leo mar chuid de Bhuiséad 2027 – d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do chonraitheoirí talmhaíochta a úsáideann Ola Gháis Mharcáilte (MGO), nó ‘díosal glas’.

Beidh an scéim oscailte d’iarratais go luath i mí na Nollag.

Ag fáiltiú roimh an gcinneadh, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne: “Tá costais bhreosla agus fuinnimh atá ag ardú ag cur brú breise ar earnálacha éagsúla den tsochaí in Éirinn, agus áirítear leis sin an tionscal tógála agus cairéalachta.

“Is í soláthar tithe an phríomhthosaíocht atá ag an Rialtas seo, agus ciallaíonn sé sin go gcaithfimid a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ag teastáil ag na daoine atá á dtógáil, ionas gur féidir linn ár n-uaillmhianta a fhíorú.

“Cabhróidh an pacáiste seo go pointe áirithe leis an mbrú a bhaineann le costais atá ag ardú sa tionscal tógála a mhaolú, agus ligfidh sé do dhaoine sa tionscal díriú ar an rud atá ag teastáil ón tír seo, eadhon tuilleadh tithe nua.”

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon: “Aithnímid go raibh feirmeoirí, conraitheoirí talmhaíochta agus iascairí thíos go mór le luaineacht agus le hardú géar i bpraghsanna breosla, ach ní hiad sin amháin na hearnálacha a bhfuil tacaíocht ón Rialtas ag teastáil uathu.

“Tá an scéim seo ceadaithe ag an Rialtas; cuirfidh sé cúnamh comhchosúil ar fáil d’earnálacha na tógála agus na cairéalachta, earnálacha ina n-úsáideann go leor daoine díosal glas go laethúil.”

Dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke: “Tá an Rialtas ag glacadh céimeanna chun cabhrú le gnólachtaí tógála agus cairéalachta déileáil leis an mbrú a bhaineann le costais bhreosla atá ag ardú. Cabhróidh sé seo, sa deireadh thiar, le fostaíocht a chosaint agus cinnteoidh sé go leanfaimid orainn ag obair i dtreo ár spriocanna uaillmhianacha tithíochta a bhaint amach.

“Léiríonn na tacaíochtaí seo ár dtiomantas chun oibriú le gnólachtaí le linn tréimhse dheacair, agus ag an am céanna ag cosaint athléimneacht eacnamaíoch na hÉireann.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice