I mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí an aisling a bhí ag Amie Thompson le bheith ina gruagaire chóir a bheith scriosta
I mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí an aisling a bhí ag Amie Thompson le bheith ina gruagaire chóir a bheith scriosta.
Ní raibh ach aon mhí amháin caite i mbun tréimhse oiliúna gruagaireachta ag an bhean 21 bhliain d’aois ó Bhealach Féich nuair a bhuail carr í, agus baineadh gortuithe tromchúiseacha dá cos.
Bhí sí buartha go raibh deireadh tagtha lena gairm sular thosaigh sé fiú.
Ní raibh an tacaíocht a bhí de dhíth uirthi i bhfad ar shiúl. Choinnigh teagascóirí Amie ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), Catherine Gilmore agus Donna O’Donnell, a háit ar an chlár go dtí go raibh sí ar ais ar a seanléim arís.
Tar éis bliana d’obráidí, ar fuair Amie ag fáil barra miotail ina cos lena linn, bhí sí réidh le pilleadh ar an oiliúint.
“Murach iad, ní bhínn ábalta an áit a bhfuil mé inniu a bhaint amach,” arsa Amie.
“Is olc an rud é a bheith gortaithe, go háirithe sa ghairm, ní bhíonn daoine chomh fáilteach sin i dtólamh.
“Bhí Catherine agus Donna iontach cuidiúil agus tuigbheálach. Tá meas mór agam ar na mná sin.
“Chuir siad chun cinn mé an oiread sin go bhfuil mé in Peter Marks anois.”
LÉIGH Ar Aghaidh: ‘Gabh ann agus déan é!!’ - Conallach feirmeora ag baint leas as oiliúint fón cliste ag 74 bliana d’aois
Tá Amie ag obair anois ag Gruagairí Peter Mark i Leitir Ceanainn, agus páirt á ghlacadh aici i gclár oideachais faoi stiúir an tionscail a fhágfaidh go mbeidh sí ina gruagaire.
Turas spreagúil a bhí i gcúrsa oiliúna gruagaireachta Amie le ETB Dhún na nGall trí bhunchlocha na gruagaireachta chun cúig ghradam déag City & Guilds Leibhéal 2 a bhaint amach.
Ag toiseacht ón bhonn, rachaidh mic léinn faoi oiliúint sna teicnící is déanaí maidir le gruaig na mban agus na bhfear, ó ghearradh agus stíliú go teicnící dathúcháin agus comhairliúchán le cliaint, a mbeidh cúig cinn déag de ghradaim City & Guilds Leibhéal 2 mar thoradh air.
“Bhain mé an oiread suilt as achan bhomaite ag an ETB, dá bhféadfainnse dul ar ais is amhlaidh a dhéanfainn!” arsa Amie.
“Clúdaíonn tú an oiread sin go mbíonn tú ullamh d’achan rud a thagann i do threo nuair athéann tú amach i saol na gruagaireachta. Beidh ort leanstan leis an oiliúint, ní leor tabhairt faoi ar do chonlán féin, ach tá an t-eolas bunúsach a fhaigheann tú dochreidte agus tú ag dul isteach i salón.
“Tréimhse den scoth is ea naoi mí siocair nach mbíonn tú ag iarraidh a bheith ar an choláiste ar feadh tréimhse rófhada. Bíonn tú ag iarraidh taithí a fháil ar shalón agus do chuid eolais a thabhairt chuig áiteanna ina bhfuil tú ag obair.”
Níl aon taithí de dhíth don tréimhse oiliúna, cé go raibh Amie tar éis a scileanna custaiméirí a fhorbairt cheana féin trí ghruaig a ní i salón le linn a déaga.
Comhairle Amie? Aimsigh salón gnóthach don chuid taithí oibre den chúrsa chomh maith le meantóir spreagúil.
Rinne Amie a socrúchán in Elan Hair and Beauty i mBealach Féich.
“Má tá taithí salóin mhaith agat, múinfear go maith duit lasmuigh den choláiste fosta. Tá duine ag teastáil uait a thabharfaidh dúshlán agat,” a dúirt sí.
“Bhí an t-ádh dearg orm le cúpla bliain anuas go raibh meantóirí agus múinteoirí iontacha agam.”
Ag Peter Mark, tá Amie ag obair go lánaimseartha anois agus an deis á fáil aici oiliúint a dhéanamh ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath.
“Chuir an cúrsa ETB dlús liom san oiliúint ghruagaireachta ar fad a dhéanaim anois.”
Bhí bua na gruagaireachta aici i dtólamh, agus tar éis cúpla bliain deacair, tá sí iontach sásta gur chloígh sí lena sprioc.
“Bhí an t-ádh orm thar na blianta, d’fhéadfainn gabháil ar chonair eile, ach tá mé sásta orm san áit ina bhfuil mé agus a bhuíochas sin leis an ETB.”
Is gairm í an ghruagaireacht ar féidir í a thabhairt leat áit ar bith, ó shalóin go díolacháin le haghaidh táirgí gruagaireachta chomh maith le deiseanna sa tionscal taistil/turasóireachta.
Molann Amie do mhic léinn atá ag smaoineamh ar dhul isteach san earnáil machnamh a dhéanamh ar thréimhse oiliúna chun cuidiú leo a gcos a chur sa doras.
“Do dhaoine óga nach bhfuil a fhios acu cad é ba mhaith leo a dhéanamh i ndiaidh na scoile, má tá siad go maith lena lámha agus má tá suim agat i ngruagaireacht agus i smideadh a dhéanamh is gairm iontach le dul léi í,” a dúirt sí.
“Go pearsanta, bhí an scoil iontach doiligh domh. Ansin thug mé faoi deara go raibh mé go maith ag an ghruagaireacht, ní raibh mé in ann chuig na leabhair, ach b’aoibhinn a bheith ag obair le daoine. I ndiaidh na hArdteistiméireachta, tá sé tábhachtach socrú síos agus a bheith praiticiúil.
“Bí leathanaigeanta agus déan do dhícheall in achan rud a dhéanann tú.”
Níl i gcúrsa Aime ach ceann amháin den iliomad cúrsaí tacaíochta cúraim sláinte lánaimseartha agus páirtaimseartha a thairgtear trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall – gheobhaidh tú an raon cúrsaí iomlán atá acu ar fud an chontae ar a suíomh gréasáin, áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne am ar bith: donegaletb.ie/fetcoursefinder.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.