Chríochnaigh Gary Doherty cúrsa oiliúna QQI Leibhéal 5 le déanaí le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall
Tá pluiméir i mBun Cranncha, a mhionnaigh tráth nach leagfadh sé cos ar fheirm riamh, ag baint tairbhe as an fheirmeoireacht orgánach a bhuí le cúrsa Gairneoireachta a bhí ina fhoscailt súl dó.
Chríochnaigh Gary Doherty cúrsa oiliúna QQI Leibhéal 5 le déanaí le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).
Chuidigh an cúrsa, lena mbaineann teagasc trí lá sa tseachtain i Leitir Ceanainn, le Gary a athrú ó bhonn go héiceachóras níos brabúsaí agus níos rathúla.
Fuair Gary, arb é an phluiméireacht an cheird atá aige, feirm Potts in Fallask le hoidhreacht óna athair, arbh fheirmeoir caorach eisean, ach ní raibh aon suim dá laghad ag Gary é féin i mbeostoc.
Agus tuigbheáil níos leithne ar an ghairneoireacht á lorg aige, sheas sé siar go sealadach óna ghnó pluiméireachta chun pilleadh ar an seomra ranga.
Ba é an teagascóir, Gareth Austin, a thug an oiread sin luach don oiliúint, dar le Gary.
“Is annamh teagascóir a fháil ar nós Gareth Austin a bhfuil tuigbheáil chomh leathan sin aige ar na hábhair ach a mbíonn gnaíúil leis an rang freisin,” a deir Gary.
“Tá Gareth iontach flaithiúil lena chuid eolais.”
Díríonn an cúrsa ar gharraíodóireacht inbhuanaithe, agus modúil á gclúdach ar nós fás torthaí agus glasraí, plandaí bláthanna ornáideacha, crainn agus toir a bhunú, agus feasacht inbhuanaitheachta comhshaoil. I measc na rannpháirtithe tá úinéirí gnó agus garraíodóirí ar caitheamh aimsire é dóibh, agus iad siúd atá ag obair i ngairdíní pobail.
“Choinnigh Gareth gach duine sásta trí rudaí a mhíniú ar dhóigheanna éagsúla,” arsa Gary.
“Mhínigh sé fás na gcairéad agus chasfadh sé timpeall agus chuirfeadh sé in iúl domh cén cineál a bheadh ní ba bhrabúsaí nó ní ba thairbhiúla do mo chineál ithreach.”
LÉIGH TUILLEADH | Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4
Plé seachas léachtaí is ea an cur síos a thuagann Gary ar na léachtaí. Cuireadh tús le gnáthlá le huair an chloig sa seomra ranga ag plé phlean an lae, agus cupán tae ina dhiaidh sin, agus ansin oiliúint phraiticiúil i ngairdín agus polatolláin an Bhoird Oideachais agus Oiliúna féin.
“Fásann tú na táirgí ó shíol go fómhar. Reáchtáiltear an t-ionad oiliúna go horgánach a bheag nó a mhór ar aon nós, mar sin d’fhóir sé go maith domh,” a deir Gary.
“Ní cúrsa beag do gharraíodóirí ar caitheamh aimsire é dóibh amháin a bhí ann; bhí an-chuid eolais faoi gach rud le baint as.
“Sula ndeachaigh mé isteach sa chúrsa, ní bheinn ar an eolas faoi rudaí ar nós lus na gréine a mheaitseáil le glasraí ar mhaithe leis an tairbhe a bhainfeadh as. Is minic go n-amharcann a lán feirmeoirí ar bhláthanna mar fhiailí. De thairbhe an chúrsa seo, tá tuigbheáil i bhfad níos fearr agam ar bhláthanna ornáideacha agus ar a gcuspóir laistigh d’éiceachórais.
“Mhothaigh mé go ndeachaigh mé isteach i gcúrsa gairneoireachta agus gur bhain mé céim sa ghnó amach.”
Molann Gary foireann an Bhoird Oideachais agus Oiliúna agus Gareth fosta as freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí.
“Bhí an taobh praiticiúil ar dóigh, dá mbeadh duine ar bith ann a raibh fadhbanna acu, amhail soghluaisteacht, bhí Gareth iontach sásta uirlisí a ordú a bheadh de dhíth orthu nó athrú a chur ar an dóigh a raibh muid ag obair le cúrsaí a dhéanamh ní b’fhusa.
“Chonacthas domhsa nár cuireadh aon chonstaic os a chomhair nach bhfuair Gareth an ceann is fearr orthu trí athrú a chur ar an dóigh a raibh rudaí le déanamh.”
Dóibh siúd atá i mbun machnaimh faoin chúrsa, is é comhairle Gary dul i mbun tochailte! “Más garraíodóir thú ar caitheamh aimsire é duit, cuideoidh sé leat plandaí a mheaitseáil, cineálacha ithreach a thuigbheáil, an ithir a ionramháil chun na críche atá ag teastáil uait ar dhóigh iomlán nádúrtha gan gá le leasachán sintéiseach agus breiseáin,” a deir sé.
“Más úinéir feirme thú, is cúrsa den scoth é chun tuigbheáil a fháil ar an ghairneoireacht mar ghnó agus ar d’fheirm mar éiceachóras, chomh maith leis an dóigh le bheith níos brabúsaí.
“Tá an oiread sin athraithe domhsa, go háirithe do dhuine a mhionnaigh 20 bliain ó shin nach leagfadh sé cos ar fheirm riamh!”
Níl i gcúrsa Gary ach ceann amháin den iliomad cúrsaí tacaíochta cúraim sláinte lánaimseartha agus páirtaimseartha a thairgtear trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall – gheobhaidh tú an raon cúrsaí iomlán atá acu ar fud an chontae ar a suíomh gréasáin, áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne am ar bith: donegaletb.ie/fetcoursefinder.
Coinnigh súil ar a gcuntais meán sóisialta (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) faoi choinne nuashonruithe agus sonraí breise, nó téigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB ar 074 91 78088, ríomhphost, nó comhlánaigh an fhoirm ghréasáin seo, agus rachaidh siad i dteagmháil leat: donegaletb.ie/adultguidance.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.