D’oibrigh Katherine McIntyre ó Thamhnach an tSalainn, atá anois ina cuid 60í, in oifigí tráth dá raibh, ach tá solúbthacht iontach aici anois ag obair mar chúntóir cúram sláinte
Deir Conallach mná a rinne a post mar chúramóir pobail a mhalartú le bheith ina cúramóir pobail go bhfuil luach saothair ollmhór ag baint le cuidiú le daoine eile.
D’oibrigh Katherine McIntyre ó Thamhnach an tSalainn, atá anois ina cuid 60í, in oifigí tráth dá raibh, ach tá solúbthacht iontach aici anois ag obair mar chúntóir cúram sláinte.
Roinn Katherine a cuid ama idir glaonna pobail le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus seirbhísí lae ag mol áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas intleachta.
Ba é cúrsa Scileanna Seirbhíse Sláinte a chuir Katherine i gcrích in 2022 le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a spreag an t-athrú gairme seo.
I ndiaidh 26 bliain ag Hospira (a druideadh i nDún na nGall in 2006), agus róil oifige eile ina dhiaidh sin, mhothaigh Katherine rud inteacht níos fiúntaí ag tarraingt uirthi.
“Mhotaigh mé go raibh mé ag iarraidh rud inteacht difriúil a dhéanamh, rud a bhí ní b’fhiúntaí, rud a raibh gluaiseacht ag baint leis seachas a bheith i mo shuí ag deasc i mbun clóscríofa an lá ar fad,” a deir sí.
“Chonaic mé an cúrsa Scileanna Seirbhíse Sláinte agus shíl mé, ‘Is rud é sin ar mhaith liom dul isteach ann siocair go mothaím go bhfaigheann tú luach do shaothair as cuidiú a thabhairt do dhaoine.’”
LÉIGH FRESIN: Tagann feirmeoir de chuid Bhun Cranncha ar shíolta rathúlachta na Gairneoireachta
Leis an chlár páirtaimseartha dhá bhliain, a rinne Katherine i mBaile Dhún na nGall, comhcheanglaítear staidéar sa seomra ranga agus taithí oibre chun teastas QQI Leibhéal 5 a thabhairt do mhic léinn i modúil ar nós Cúram do Dhaoine Scothaosta, Anatamaíocht agus Fiseolaíocht, Teoiric agus Cleachtas Altranais, Scileanna Cúraim agus Tacaíocht Chúraim.
Tá an t-éileamh ar chúramóirí ard, mar a thuig Katherine agus a comhghleacaithe gan mhoill.
“Tá géarghá acu le daoine,” a deir sí. “Ní bheidh tú as obair go deo sa phost seo. D’fhéadfainn a bheith ag obair seacht lá na seachtaine dá mba mhian liom.”
Le linn a gcéad bhliana, fuair an rang cuairteanna ó FSS, ó Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, agus ó ghníomhaireachtaí cosúil le Home Instead, agus fonn orthu uilig daoine a earcú.
Chuaigh Katherine isteach i gCumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann go páirtaimseartha agus í fós ina dara bliain staidéir. “Shíl mé liom féin, ‘Anois agus an taithí phraiticiúil agam, ba mhaith liom coinneáil orm ag úsáid mo chuid scileanna. Ní raibh mé ag iarraidh fanacht bliain eile chun toiseacht ag obair.”
Bhí taithí mhaith oibre ag Katherine cheana féin sula ndeachaigh sí ag obair. Éilíonn an cúrsa Scileanna Seirbhíse Sláinte 60 uair an chloig d’obair phraiticiúil, a chuir Katherine i gcrích ag Teach Altranais Harbour Lights sna Cealla Beaga.
“D’fhoghlaim mé an t-uafás ann,” a mheabhraíonn sí. “Bhí an bhainistíocht, na haltraí foirne agus na HCAnna uilig ar dóigh. B’iontach an teoiric a fhoghlaim agus ansin í a chur i bhfeidhm. Bíonn ciall iomlán leis an fháth go ndéanann tú an rud a dhéanann tú.”
Bíonn scileanna cosúil le sláinteachas láimhe agus cosc ionfhabhtaithe agus tacaíocht a thabhairt do na haltraí foirne go léir i gceist sna sealanna laethúla agus aire á tabhairt agat don duine scothaosta.
Dúirt Katherine go raibh fonn uirthi an oiread agus is féidir a fhoghlaim.
Bhí mé ag rá leis an altra foirne i dtólamh, ‘Má tá aon rud difriúil á dhéanamh agat, cuir ar an eolas mé faoi. Ba bhreá liom foghlaim uaidh.’ Is maith liom an fhoghlaim, agus ní bhíonn a fhios agat riamh cá huair a bhféadfadh rud inteacht teacht chun cinn agus é a bheith de dhíth ort,” a deir sí.
Tar éis di an cúrsa Scileanna Seirbhíse Sláinte a chuir i gcrích, bhí lúcháir ar Katherine gradaim a bhaint amach in achan modúl seachas ceann amháin.
Molann sí a teagascóirí, Elspeth Vaughan agus Edel Kehoe Campbell, as a dtacaíocht.
“Bhí cúpla bliain ann ó bhí mé ag staidéar agus ag scríobh tascanna, ach thug siad treoir mhaith i dtólamh, mar sin bíonn tú ag feabhsú i rith an ama,” a deir sí.
“Bhí tacaíocht mhór ann tríd an treoir, agus dá mbeadh aon fhadhb agat, d’fhéadfá comhairleoireacht a fháil. Bhí tacaíocht teanga ann dóibh siúd nach raibh an Béarla mar chéad teanga acu.”
Ó chuir sí an cúrsa i gcrích i mí na Bealtaine 2024, tá éagsúlacht agus solúbthacht mhór faighte ag Katherine ina ról cúraim pobail.
“Tá thart ar 10 gcliant agam sa phobal a dtugaim cuairt orthu ar maidin agus um thráthnóna,” a mhíníonn sí. “Lá amháin d’fhéadfá a bheith ag dul ó 7 am go 9 pm, ach téann an lá isteach go gasta domh. Is breá liom an tsolúbthacht; Is féidir liom mo sceideal a chur in oiriúint domh féin agus gan ach fógra a thabhairt mura bhfuil mé ar fáil lá amháin.”
Bíonn Katherine fós ag bualadh lena comhghleacaithe ranga a chuaigh ar aghaidh ag obair i suíomhanna eile nó a roghnaigh leanstan ar aghaidh leis an oiliúint.
“Ar ndóigh, thuig roinnt daoine nár oir an clár dóibh agus baineann sé le hachan rud. I gcás cúrsa ar bith, ó am go chéile déanann tú an teoiric, agus ansin caithfidh tú í a chur i bhfeidhm sula bhfeiceann tú nach bhfuil tú ag iarraidh tabhairt faoi. Cosúil leis an altranas, ní d’achan duine é.”
Dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúram sláinte, molann Katherine an clár mar thúsphointe den scoth.
“Cúrsa iontach suimiúil a bhí ann,” a deir sí. “Más maith leat aire a thabhairt do dhaoine agus cuidiú leo, bhainfeá taitneamh millteanach as. Tá an obair suimiúil agus éagsúil, le solúbthacht ionsuite.
“Oireann an earnáil seo do dhaoine in achan ghné den saol. Tá leanaí óga ag roinnt mhaith de mo chomhghleacaithe, agus is féidir leo oibriú timpeall ar a sceidil.
“Agus má aimsíonn tú nach n-oireann an ról mar chúntóir cúraim sláinte duit, tá sruthanna eile ann ar féidir dul isteach iontu amhail cúntóir riachtanas speisialta nó altranas.
“Mura mbeadh an aois seo agam, seans go dtéinn leis an altranas. Tá na roghanna ann, ach shíl mé go mbeinn réidh le dul ar scor faoin am go mbeadh an scoil altranais curtha i gcrích agam!”
Níl i gcúrsa Katherine* ach ceann amháin den iliomad cúrsaí tacaíochta cúraim sláinte lánaimseartha agus páirtaimseartha a thairgtear trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall – gheobhaidh tú an raon cúrsaí iomlán atá acu ar fud an chontae ar a suíomh gréasáin, áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne am ar bith: donegaletb.ie/fetcoursefinder.
Coinnigh súil ar a gcuntais meán sóisialta (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) faoi choinne nuashonruithe agus sonraí breise, nó téigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB ar 074 91 78088, ríomhphost, nó comhlánaigh an fhoirm ghréasáin seo, agus rachaidh siad i dteagmháil leat: donegaletb.ie/adultguidance.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.