Search

05 Sep 2025

‘Gabh ann agus déan é!!’ - Conallach feirmeora ag baint leas as oiliúint fón cliste ag 74 bliana d’aois

Thosaigh Kevin Campbell an cúrsa Leibhéal 2 ina ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) áitiúil i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite

‘Gabh ann agus déan é!!’ - Conallach feirmeora ag baint leas as oiliúint fón cliste ag 74 bliana d’aois

Thosaigh Kevin Campbell an cúrsa Leibhéal 2 ina ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) áitiúil i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite

Roimh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an 4 agus an 5 Márta in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, tá aird á tarraingt againn ar thaithí foghlama agus dul chun cinn na mac léinn reatha agus na n-iar-mhac léinn de chuid FET.

Feirmeoir de chuid Bhun Dobhráin a bhíodh faichilleach maidir le fóin chliste tráth, nach bhfuil aon ní is fearr leis anois ná a théacsáil laethúil!

Chuaigh Kevin Campbell, pinsinéir ó Dhroim an Chrainn, ó fhón ar nós bríce go Android galánta faoi cheann cúpla mí. Agus a bhuíochas sin le cúrsa TF Sóisialta d’Fheirmeoirí a chuir Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ar fáil.

Freastalaíonn Kevin, atá 74 bliana d’aois, ar rang aon tráthnóna amháin sa tseachtain chun máistreacht a fháil ar a fhón póca, ó WhatsApp go dtí an aimsir a sheiceáil agus brabhsáil ar líne.

“Ba é an rud ab fhearr a rinne mé riamh é,” arsa Kevin.

LÉIGH TUILLEADH | Teipeann ar NCT carr láithreach go contúirteach as tuáille a úsáid chun jab deisiúcháin a chlúdach

Thosaigh Kevin an cúrsa Leibhéal 2 ina ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) áitiúil i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite.

Ó shin i leith, tá sé féin agus a chúigear comhghleacaithe ranga á dtreorú ag an teagascóir Renata Ert trí bhunphrionsabail úsáid an fhóin cliste.

“Thug Renata amach as an dorchadas muid chuig solas na gréine leis na fóin i dtréimhse ghairid agus thug sí misneach dúinn dul níos faide,” a deir Kevin.

“Tá dul chun cinn iontach déanta agam féin. Is iontach an t-am agus an fhoighne atá ag Renata dúinn uilig.

“Ba é an téacsáil an rud ab fhearr a d’fhoghlaim mé riamh, ní raibh mé ábalta é a thuigbheáil ar an seanfhón, anois tá sé seo díreach cosúil le gnáthamh laethúil domsa, is breá liom é.”

I measc na dtascanna eile a mhúintear sa rang tá grianghraif a sheoladh agus uimhreacha fóin a chur le leabhar teagmhála agus iad a scriosadh.

Tá Kevin i ndiaidh a dhul céim amháin níos faide agus taighde á dhéanamh aige anois ar an aimsir ar thrí aip éagsúla — ag tabhairt faoi deara go mbíonn dhá cheann acu cruinn de ghnáth!

Cé go bhfuil Kevin tar éis gníomhaíochtaí feirmeoireachta a ghearradh siar thar a thalamh féin, tá sé gníomhach go fóill maidir lena fheirm bhaile a reáchtáil.

“Bhí an fón cliste ina chuidiú mór do m’fheirm,” a deir sé. “Más gá duit teagmháil a dhéanamh le duine agus mura féidir leat teacht orthu, is féidir leat téacs a chur chucu. Is treoir iontach í an aimsir i rith an tsamhraidh sa dóigh is más ag plé le sadhlas atá tú, bonn tú in ann a fheiceáil cá huair a mbeidh sé ag cur fearthainne.”

Níor cheannaigh Kevin a fhón cliste — OPPO — go dtí gur chláraigh sé ar an chúrsa. Ba é an chéad dúshlán a bhí roimhe a chéad fhón a scor agus tabhairt faoin athrú mór.

“Shíl mé nach ngabhfainn riamh ar an fhón nua, ach chloígh mé leis,” a deir sé.

LÉIGH TUILLEADH | An dóigh a gcuireann cúrsa ríomhghnó ETB Dhún na nGall deiseanna fostaíochta ar fáil

Anois, is féidir leis grianghraif a ghlacadh agus a sheoladh go muiníneach, na tuairiscí báis a léamh, agus innealra a bhrabhsáil ar DoneDeal.

“Murach na ranganna ní bheinn ábalta a dhath ar bith a dhéanamh,” a deir sé.

Comhairle Kevin d’fhoghlaimeoirí eile? Coinnigh leabhar nótaí de na céimeanna uilig a bhaineann le tascanna éagsúla ar mhaithe le tagairt fhurasta.

Ní bhaineann an cúrsa le staidéar amháin. Is eispéireas taitneamhach é, a deir Kevin, áit nach bhfuil ann don cháineadh. “Ní bhaineann trioblóid le haon rud, bíonn Renata ag cuidiú leat i rith an ama,” a deir sé.

Tá an taobh sóisialta den rang ann fosta, agus an cheird a fhoghlaim ag na feirmeoirí i gcuideachta a chéile.

Deir Kevin: “Baineann tú sult as bualadh le daoine, tá muid uilig ag foghlaim, agus beidh méag foghlaim ar feadh mo shaoil, ar an fhón agus ar m’fheirm. Achan lá a mhúsclaíonn tú bíonn tú ag foghlaim. Níl gach rud ar eolas ag duine ar bith!”

Agus na tráthnónta ag éirí níos faide, tá sé beartaithe ag Kevin sos a ghlacadh ón oiliúint TF agus díriú ar an fheirm, ach tá fonn air níos mó a fhoghlaim i mí Mheán Fómhair.

“Níl aon doicheall orm coinneáil liom leis an chúrsa mar níl mo chuid foghlama ach ina tús, ba mhaith liom tuilleadh a fhoghlaim,” a deir sé.

“Mura fhreastail mé ar an chúrsa sin, ní bheadh fón cliste agam inniu.”

Deir Kevin go bhfuil bualadh bos tuillte ag Renata agus Oifigeach Rannpháirtíochta Fiontraíochta Donna McDade as a gcuid oibre.

Do dhuine ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag streachailt lena bhfóin, is é an moladh atá aige “gabh ann agus déan é!”

“Tá mé iontach sásta leis an chúrsa,” a deir sé.

Níl i gcúrsa Kevin* ach ceann amháin den iliomad cúrsaí tacaíochta cúraim sláinte lánaimseartha agus páirtaimseartha a thairgtear trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall – gheobhaidh tú an raon cúrsaí iomlán atá acu ar fud an chontae ar a suíomh gréasáin, áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne am ar bith: donegaletb.ie/fetcoursefinder.

Chun tuilleadh eolais a fháil, bígí linn ag Aonach FET ETB Dhún na nGall 2025 ar an 4 agus an 5 Márta san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn:

Dé Máirt, an 4 Márta, 7pm-9pm:

Tugtar cuireadh do lucht fágála scoile, a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí, Comhairleoirí Gairmthreorach agus Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí scoile freastal chun cluinstin faoi roghanna FET ar fud an chontae. Tugtar cuireadh fosta dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair agus atá ag iarraidh uasoiliúint cluinstin faoi na deiseanna uasoiliúna a thairgtear tríd an tSeirbhís FET.

Cuirfear tús le plé painéil ar roghanna FET (cúrsaí iar-Ardteistiméireachta, cúrsaí oiliúna agus céimeanna tríú leibhéal), printíseachtai agus tacaíochtaí oiliúna fostaithe ag 7pm.

Dé Céadaoin 5 Márta, 10am-2pm:

Tugtar cuireadh dóibh siúd ar mhaith leo eolas a fháil faoin raon leathan deiseanna oideachais agus oiliúna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá á gcur ar fáil ag Seirbhís FET ETB teacht chun labhairt leis an fhoireann chun tuilleadh a fháil amach. Beidh taispeántais scileanna idirghníomhacha ar siúl i rith an lae.

Coinnigh súil ar a gcuntais meán sóisialta (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) faoi choinne nuashonruithe agus sonraí breise, nó téigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB ar 074 91 78088, ríomhphost, nó comhlánaigh an fhoirm ghréasáin seo, agus rachaidh siad i dteagmháil leat: donegaletb.ie/adultguidance.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.