Seoladh an réamhbhlaiseadh oifigiúil de KNEECAP, scannán a bhuaigh gradaim éagsúla, roimh première an scannáin sa Ríocht Aontaithe a bheidh ann anocht ag Féile Scannán Sundance: Londain.
Seolfar an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann ar an 8 Lúnasa agus is é a chuirfidh tús leis an bhféile i Londain. D’éirigh thar barr leis ag Féile Scannán ghradamach Sundance in Utah níos luaithe i mbliana - ghnóthaigh sé Gradam an Lucht Féachana agus ba é an chéad scannán Gaeilge riamh a raibh a première aige le linn na féile.
Beidh an stiúrthóir Rich Peppiatt i láthair anocht agus é i gcuideachta cuid d’fhoireann an scannáin, ina measc, baill Kneecap agus Michael Fassbender agus iad ag déanamh a mbealaigh ar an gcairpéad dearg.
Kneecap, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad le chéile, sin is scéal don scannán. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí.
Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh (Steve Jobs, 12 Years a Slave), Simone Kirby (Hidden Assets, Jimmy’s Hall), Jessica Reynolds (Outlander), Fionnuala Flaherty (Ros na Rún) agus Josie Walker (Belfast, The Wonder). In iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugann sé cuntas ar an gcinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an mbealach ‘ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin.
Mhaígh an LA Times gur banna iad Kneecap “a chuirfeadh laethanta luatha Eminem i gcuimhne do dhuine” agus tá na léirmheastóirí á moladh go barr bata as a meascán ealaíonta rap Gaeilge agus Béarla a thugann aghaidh ar an saol crua cadránta atá roimh an té a bhíonn ag fás aníos i mBéal Feirste i ndiaidh aimsir na dTrioblóidí.
Is iad Trevor Birney agus Jack Tarling, thar ceann Fine Point Films agus Mother Tongues Films, a léirigh KNEECAP, in éineacht le Patrick O’Neill ag Wildcard a bhí ag feidhmiú mar Chomhléiritheoir.
Chuir na heagraíochtaí seo a leanas maoiniú ar fáil don scannán: Scáileán Thuaisceart Éireann, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva agus thug Great Point Media tacaíocht dó chomh maith.
Beidh KNEECAP á sheoladh i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ar an 8 Lúnasa. Tá ticéid ar díol ar líne anois ar shuíomhanna gréasáin na bpictiúrlann rannpháirteach.
Taispeánfar an scannán den chéad uair in Éirinn ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an 9 Iúil.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.