Fógraíodh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh gurb é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2026 PICTIÚIRÍ: Sportsfile
Fógraíodh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh gurb é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2026.
Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Sheán, ar as Inis Mór dó, agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG.
Mar chuid den ról beidh Seán ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid anChumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, podchraoladh nua staire CLG, CLG – Gluaiseacht á cur ar bun, Comórtas Peile na Gaeltachta i measc rudaí eile.
LÉIGH FREISIN | Fógraíonn RTÉ scéinséir coireachta nua 'greimiúil' le Colm Meaney suite i láthair áilleachta in Éirinn
Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh inniu chuir Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Áine Uí Choinn, fáilte roimh Sheán chuig an ról agus ghuigh sí gach rath air don bhliain amach romhainn.
Dúirt Seán, múinteoir meánscoile i gColáiste Bhaile Chláir i mBaile Chláir na Gaillimhe, gur mhór an onóir a bhí ann dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain amach roimhe. Tá sé ag súil, freisin, le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.

Ó d’imir Seán le Gaillimh don chéad uair thiar sa bhliain 2018, tá dornán de Chraobhacha Sinsear Chonnacht buaite ag réalta Oileáin Árann le Gaillimh.
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Seán don bhliain amach romhainn. Tagann Seán sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022, ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023, ar Sheán O’Shea, Ciarraí, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge do 2024 agus Fergal Whitely, Áth Cliath, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2025.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.