D’fhógair An tOireachtas go mbeidh An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 á óstáil i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
D’fhógair An tOireachtas go mbeidh An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 á óstáil i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, ón 19 – 21 Márta 2026.
Is féile bhliantúil dhrámaíochta í seo, áit a dtagann compántais drámaíochta pobail ó gach cearn den tír le chéile chun léirithe den scoth a chur ar stáitse.
Seolfaidh Dara Calleary, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an fhéile go hoifigiúil Déardaoin, 19 Márta 2026, ag 18:30, ag ócáid speisialta ag a gcuirfear tús spleodrach leis an gceiliúradh ar chumhacht na drámaíochta pobail.
"Tá ríméad ar an Oireachtas go mbeidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 a reáchtáil i gCathair na Mart”, a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta na dTaibhealaíon Teangabhunaithe. “Beidh naoi gcompántas pobail, ó fud fad na tíre ag léiriú scoth na ndrámaí thar an deireadh seachtaine. Is é tús na hathbheochana sa réimse ealaíne seo, a bhíodh go stairiúil fite fuaite i saol cultúrtha agus pobail na Gaeilge. Deis ceiliúrtha ar ár n-oidhreacht agus a bheith i gcomhluadar seanchairde agus cairde nua. Guím gach rath ar na compántais a bheidh san iomaíocht."
LÉIGH TUILLEADH: Coinnigh na dátaí! Fógraíodh na cluichí do chraobhchomórtas na Sé Náisiún 2027
Beidh léirithe drámaíochta ar siúl gach oíche le linn na féile. I measc na gcompántas a bheidh ar an ardán i mbliana, beidh: Aisteoirí an Spidéil, Co. na Gaillimhe; Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo; Aisteoirí an Lóchrainn, Co. Cheatharlach; Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe; Ardán Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo; Aisteoirí an Sciobóil, Co. Dhún na nGall; Aisteoirí Bhréanainn, Co. Chiarraí; agus Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Tabharfaidh gach compántas a léiriú féin chun stáitse os comhair lucht féachana agus léirmheastóirí aitheanta agus beidh éagsúlacht agus fuinneamh le brath sna drámaí iontacha faoi shoilse an stáitse.

Cé go bhfuil na léirithe drámaí ag croílár na féile, beidh neart eile ar siúl le linn an deireadh seachtaine, ina measc Club na Féile leis na ceoltóirí iomráiteacha Tom Doherty, David Doocey agus a gcairde a bheidh ar siúl in Óstán an Mariner oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Is féidir do thicéad a cheannach anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.