Search

06 Sep 2025

Lót Ár Linne Á Lorg : Scéim cuardach talann do cheolóirí óga sheolaithe ag Radio Rí-Rá le secret gigs ar fud an bhaile Átha Cliath

Chuir ceol beo Gaeilge iontas ar na sluaite in ionaid neamhghnácha timpeall chathair Átha Cliath, ó gháirdíní lus go siopaí búistéara

Lót Ár Linne Á Lorg : Scéim cuardach talann do cheolóirí óga sheolaithe ag Radio Rí-Rá le secret gigs ar fud an bhaile Átha Cliath

Chuir ceol beo Gaeilge iontas ar na sluaite in ionaid neamhghnácha timpeall chathair Átha Cliath, ó gháirdíní lus go siopaí búistéara

Chuir ceol beo Gaeilge iontas ar na sluaite in ionaid neamhghnácha timpeall chathair Átha Cliath, ó gháirdíní lus go siopaí búistéara, leis an scéim nua cothaithe Glór Ár Linne a sheoladh do bhannaí agus ceoltóirí Gaeilge. 

Tá sé mar aidhm ag an togra, faoi stiúir Raidió Rí-Rá i gcomhpháirt le hÉire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gliúin nua ceoltóirí Gaeilge a mhúnlú le cúrsa meantóireacht agus rochtain ar spásanna cruthaitheacha, len iad a fháil faoi réir le casadh ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi shamhradh 2025.

Mar chuid den scéim cuirfear sé mhí de cheardlanna le saineolaithe earnáil an cheoil ar fáil do rannphártaithe - maidir le scríbhneoireacht, taifead, taibhléiriú, agus cúrsaí margaíochta - chomh maith le deiseanna comhoibre agus rochtainn ar stiúideo agus mol cruthaitheach ar feadh na tréimhse.

Tabharfar an deis ansin do bhannaí agus ceoltóirí a gcuid ceoil a léiriú os comhair sluaite ag féilte agus ceolchoirmeacha in Éirinn agus thar sáile, Féile na Gealaí agus Electric Picnic san áireamh, ag súil go dtógfaí ar an mborradh atá faoi cheol agus cultúr Gaelach le tamall anuas a bhuí le leithéidí Kneecap, Réabh 1916 agus Huartan.

LÉIGH FREISIN: Níos mó ná €1.1 milliún fógartha do Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge

Agus é ag labhairt mar gheall ar rath atá ar Kneecap in agallamh le Joe.ie le gairid, dúirt Damien Dempsey said: “Tá sé draíochtúil, tá fíor-athbheochan ar bun… tá daoine ag filleadh ar an n-oidhreacht. Tá sé iontach daoine óga a fheiceáil ag filleadh ar a stair féin. Cuireann siad fonn orm tuilleadh Gaeilge a labhairt. Bhí bac ann, roimh go leor daoine Éireannacha, an bhfuil a fhios agat, agus tá siad [Kneecap] tar éis an bac sin a bhriseadh.”

Ón tseachtain seo, tá cuardach ar bun le seisear cheoltóir nó banna a aimsiú a leanfaidh orthu ag briseadh na mbacanna céanna seo, a bhronnfaidh an deis orthu tabhairt faoin dúshlán seo. Beidh oiliúint na scéime á stiúradh ag Cara Dunne, ceoltóir leis an mbanna Mongoose, agus dar léi: “tá an talann ann cheana féin, níl le déanamh ach ardan a thabhairt dó.

Táimid ag cuartú ceoltóirí atá dáiríre faoina gceird, a bhfuil uathu foghlaim conas dul i ngleic leis an earnáil ceoil, agus a gceol a chur os comhair na sluaite ag féilte na hÉireanna agus ar ardáin idirnáisiúnta.”

Dar le Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil go bhfuil “go leor cainte maidir le ‘hathbheochan teanga’ le gairid, ach tá níos mó i gceist ná sin. Is réabhlóid chultúrtha atá ag tarlú, agus tá daoine ag foghlaim gur féidir leo saol trí Ghaeilge a lorg dóibh féin.

Tá ról lárnach ag an gceol, cultúr agus na healaíona sa bhfís sin, agus ba mhaith linn a chinntiú go gcuirtear ar bhóthar a leasa an chéad Kneecap, RÓIS nó Huartan eile agus iad ag déanamh iarrachta dul i bhfeidhm ar an earnáil cheoil. Ní “treocht” atá sa teanga, agus léiríonn ceoltóirí agus bannaí leithéid d’IMLÉ, Cian Mac Cárthaigh agus James Shannon nach bac atá sa teanga ach bealach isteach nuair is mian leat a bheith i do cheoltóir proifisiúnta.”

Le Glór Ár Linne a sheoladh inné, thug James Shannon rapcheol go Sráid an Mhúraigh agus Troy's Family Butchers, agus chuir Aisling Moran cuairteoirí gharraithe na lus faoi gheasa lena glór binn. Is baill den scéim Baile Átha Cliath le Gaeilge Troy’s Butchers, a chuireann seirbhísí dátheangacha ar fáil don phobal. 

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais na gceoltóirí anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.