Search

06 Sep 2025

Níos mó ná €1.1 milliún fógartha do Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge

Foclóir údarásach don Nua-Ghaeilge le cur ar fáil mar thoradh ar thionscadal taighde, bunaithe ar ábhar ón mbliain 1600 i leith

Tá maoiniú de €1,133,196 thar cheithre bliana fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, le haghaidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge

Tá maoiniú de €1,133,196 thar cheithre bliana fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, le haghaidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge

Tá maoiniú de €1,133,196 thar cheithre bliana fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, le haghaidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge.

Is tionscadal taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann é an Foclóir Stairiúil agus tá an foclóir le bunú ar chorpas digiteach den Nua-Ghaeilge stairiúil ón mbliain 1600 i leith. 

Tá saíocht agus an oidhreacht, idir ársa agus chomhaimseartha, ag gabháil le teanga na Gaeilge – béaloideas, logainmneacha, litríocht, canúintí agus nithe eile nach iad. Bearna mhór i bhfoclóireacht na Gaeilge go dtí seo, mar theanga chomhaimseartha Eorpach, is ea nach bhfuil foclóir údarásach stairiúil ar fáil di. Tá an dualgas glactha air féin ag Acadamh Ríoga na hÉireann an t-easnamh sin a chur ina cheart, le tacaíocht ón Roinn. 

Caithfear an cistiú a fógraíodh inniu ar phlean forbartha an Acadaimh don Fhoclóir, agus faoina dheireadh beidh an chéad sciar den Fhoclóir ar fáil don phobal, agus cuirfear ar fáil chomh maith an bunachar téacsanna Gaeilge, cnuasaigh de chanúintí agus bailiúcháin eile atá curtha le chéile ag taighdeoirí an Acadaimh. Beidh an t-ábhar ar fad ar fáil le cuardach agus le léamh saor in aisce ar líne.  

LÉIGH FREISIN: Tá clár nach bhfuil ceadaithe d’fhéile ceoil na bliana seo á fhógairt ag All Together Now

Agus an maoiniú suntasach seo á fhógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary: “Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint dá cuid tacaíochta don Fhoclóir Stairiúil. De thoradh an tsaothair foclóireachta seo atá faoi chúram an Acadaimh Ríoga, cuirfear an Ghaeilge ar aon chéim le teangacha eile na hEorpa, a bhfuil foclóirí cuimsitheacha dá leithéid seo acu. 

“Beidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge, agus na fochorpais stairiúla a ghinfear in éineacht leis, ina áis don phobal, don lucht léinn, don aos óg a bheidh i mbun an Ghaeilge a fhoghlaim le modhanna nua teicneolaíochta, agus beidh sé ina ardán tábhachtach do phobail na Gaeltachta agus saibhreas a gcuid canúintí.” 

Dúirt Dr. Charles Dillon, Eagarthóir Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge: “Cuideoidh an maoiniú suntasach seo lenár gclár taighde a chur chun cinn in Acadamh Ríoga na hÉireann agus torthaí a chur ar fáil don phobal. Ina measc sin beidh foclóirí bunaithe ar chanúintí na Gaeilge, agus foinsí nua digiteacha don phobal, a thabharfaidh léargas úrnua ar an Ghaeilge mar a labhraíodh agus mar a scríobhadh í san aimsir a chuaigh thart. 

“Tá an tAcadamh tiomanta don chuspóir foclóir údarásach iomlán a chur ar fáil don nua-Ghaeilge, rud atá luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is mór againn an tacaíocht leanúnach ón Roinn agus táimid ag súil go mór leis an obair atá romhainn.” 

Tá forbairt an Fhoclóra Stairiúil don Nua-Ghaeilge sonraithe mar chuspóir i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus le cuidiú na Roinne bhí an tAcadamh ábalta cheana féin acmhainní digiteacha a fhorbairt chun plé le téacsanna stairiúla, lámhscríbhinní agus canúintí na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin chlár taighde agus faoi na foilseacháin anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.