Search

05 Sep 2025

Maoiniú €2m fógartha do mhúineadh na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip

Fuair os cionn 20 ollscoil maoiniú sa tréimhse 2022-23 go 2024-25

Maoiniú €2m fógartha do mhúineadh na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fógra maoinithe.

Tá áthas ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a fhógairt go bhfuil suas le €681,146 in aghaidh na bliana acadúla (€1.979m san iomlán) á cheadú aige don tréimhse 2025-26 go 2027-28 le haghaidh theagasc na Gaeilge in ollscoileanna ar Mhór-roinn na hEorpa agus sa Ríocht Aontaithe faoi scéim an Chiste Tríú Leibhéal Thar Lear, 2025-2028. 

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip lasmuigh den Stát. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh den Stát agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur chun tosaigh mar theanga idirnáisiúnta.

Tá an ciste oscailte d’iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil. 

Agus an maoiniú á fhógairt aici, dúirt an tAire Dara Calleary: ‘‘Tá mé thar a bheith bródúil go bhfuil mo Roinn in ann maoiniú trí bliana a fhógairt do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear, 2025-28.  Sna trí bliana acadúla amach romhainn, leanfaidh an scéim seo ar aghaidh ag ceiliúradh agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge in ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa. Is dea-scéala é go bhfuil 23 iarratas faighte ag mo Roinn cheana féin i dtaca leis an scéim seo agus táim ag súil go gcuirfidh tuilleadh ollscoileanna fós isteach ar an scéim amach anseo.” 

LÉIGH AR AGHAIDH: Raidió na Gaeltachta chun dul ar an mbóthar an samhradh seo agus an seoltóir ag taisteal ar fud na hÉireann

Fuair os cionn 20 ollscoil maoiniú sa tréimhse 2022-23 go 2024-25 agus ollscoileanna in Albain, an Bhreatain Bheag, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ostair, an Pholainn, Sasana, an tSeic, an tSlóvaic, agus an tSualainn páirteach sa scéim. Tá an tréimhse sin ag teacht chun críche i mbliana agus tá 23 iarratas faighte ag an Roinn arís don chéad tréimhse eile, ó 2025-26 go 2027-28.              

Clúdóidh na deontais atá á gcur ar fáil do na hollscoileanna costais tuarastal agus riaracháin na gcúrsaí chomh maith le 80% den chostas a bhíonn ar na mic léinn chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta sa samhradh. 

Seasann gach ollscoi /mac léinn fuílleach an chostais sin.  

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.