Ar Bhruach na Sionainne: Valerie Enright, Evie Denehan, Evan McCarthy, Dylan Cox, Anna Howard, Eabha Mc Guinness agus Laura McMahon
Tá tús curtha le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh ceol, cultúr, spórt, siamsaíocht agus a lán eile le cloisteáil.
Tá Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dul ar ais ar an mbóthar, agus beidh RnaG i lár an aonaigh ag mórfhéilte ceoil i gcaitheamh an tsamhraidh.
Cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag Scoil Samhraidh Willie Clancy 2025. Ar an Domhnach 6 Iúil ag 8in, craolfar Ceiliúradh Ceoil, ceolchoirm cheiliúrtha a chuirfidh tús le Scoil Samhraidh na bliana seo, beo ó Shráid na Cathrach i gCo. an Chláir, le laochra ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada agus Oireachtas na Samhna, buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2025, agus aíonna speisialta Scoil Samhrach Willie Clancy.
LÉIGH AR AGHAIDH: Nochtann na Gardaí treoir marthanais do cheolchoirmeacha agus féilte samhraidh do Electric Picnic, ATN agus níos mó
Beidh Ríl an Ródaí le cloisteáil gach iarnóin, ón Luan 7 Iúil go Déardaoin 10 Iúil ag 3i.n., agus cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír i gcomhluadar Tristan Rosenstock.
Beidh ceol traidisiúnta den scoth á chur i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha ar Ceol Binn ó na Beanna, ón Luan 7 Iúil go Céadaoin 9 Iúil, beo ó Shráid na Cathrach ag 7i.n. Ansin, ar an Déardaoin 10 Iúil, beidh ceol agus comhrá ó chian agus cóngar, óg is aosta, ag An Saol Ó Dheas, beo ó Rodaí RnaG i Sráid na Cathrach ó 12i.n..
Leanfaidh camchuairt cheoil an tsamhraidh ar aghaidh go Maigh Eo chuig Scoil Acla, áit a mbeidh Ceol Binn ó na Beanna á chraoladh Dé Luain 28 Iúil agus Dé Máirt 29 Iúil, chomh maith le clár speisialta de Iris Aniar ar an 29 Iúil. I mí Lúnasa, is i Loch Gorman a bheidh féasta ceoil RnaG agus iad i láthair ag Fleadh Cheoil na hÉireann.
Beidh scoth an cheoil, amhráin, comhrá agus craic le cloisteáil beo gach lá ón Déardaoin 7 go Domhnach 10 Lúnasa.
Beidh ceol binn, comhrá agus amhráin le closteáil ó mhic léinn Ollscoil Luimnigh i sraith nua de Ar Bhruach na Sionainne, a taifeadadh ar champas na hOllscoile leis na mic léinn, chomh maith le haíonna agus baill foirne, ag tosnú Dé Máirt 1 Iúil ag 1.30i.n.
Sa tsraith nua fáisnéise faoin údar cáiliúil Cathal Ó Sándair, a thosnóidh ar an 2 Iúil ag 1.30i.n., inseofar scéal an údair cháiliúil a scríobh os cionn 160 leabhar Gaeilge do dhaoine óga i lár an fichiú haois, agus a chruthaigh an bleachtaire Réics Carló, duine de na carachtair liteartha ab iomráití i litríocht Ghaeilge na n-óg.
Bhí Ó Sándair ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla dá raibh ann. Tabharfar léargas úrnua sa tsraith seo ar a shaol, a shaothar agus an oidhreacht luachmhar a d’fhág sé ina dhiaidh.
Tabharfaidh sraith nua de Aistí ón Aer ardán do nua-scríbhneoireacht na Gaeilge, agus beidh scríbhneoirí úra agus aitheanta araon le cloisteáil, ag tosú ar an 11 Iúil ag 2.05i.n.
Cuirfear tús le Oileánach, sraith nua a thabharfaidh léargas ar na hoileáin atá scaipthe ar fud chósta Chonamara, atá anois tréigthe ar chúis amháin nó ar chúis eile ar an 15 Lúnasa. Sa tsraith seo, tabharfaidh Treasa Bhreathnach sciurd ar na hoileáin seo agus tabharfar roinnt de scéalta na n-oileánach chun cuimhne chomh maith le scéal reatha na n-oileán.
Beidh meitheal spóirt Raidió na Gaeltachta ar an mbóthar le tráchtaireacht, anailís agus tuairisceoireacht ar chúrsaí spóirt fud fad na tíre agus babhtaí cinniúnacha i gCraobhacha Peile agus Iomána na hÉireann, ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae gach deireadh seachtaine.
Beidh neart scéalta le cloisteáil ar chláracha irise an stáisiúin mar is iondúil, chomh maith le clúdach cuimsitheach nuachta i gcaitheamh na seachtaine.
Tá an sceideal iomlán agus tuilleadh eolais le fáil anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.