Fear ó SAM a mharaigh a bhean chéile, ina chónaí anois i sráidbhaile in Éirinn

Michael DeLongis le linn TEDTalk sa bhliain 2014placeholder image
Michael DeLongis le linn TEDTalk sa bhliain 2014 | YouTube

Ciontaíodh Michael DeLongis – nó Michael Glacken, mar a thugann a chomharsana agus a chairde i nGlinsk air anois – i ndúnmharú (sa dara céim) a mhná céile, Kimberly De Longis, i gCalifornia sa bhliain 2003

Bhog Meiriceánach, a chaith 18 bliain sa phríosún tar éis é a chiontú i ndúnmharú a mhná céile, go sráidbhaile tuaithe i gContae na Gaillimhe trí bliana tar éis a scaoilte saor.

Ciontaíodh Michael DeLongis – nó Michael Glacken, mar a thugann a chomharsana agus a chairde i nGlinsk air anois – i ndúnmharú (sa dara céim) a mhná céile, Kimberly De Longis, i gCalifornia sa bhliain 2003.

De réir tuairiscí sna meáin Mheiriceánacha faoin triail dúnmharaithe, chaith Michael Kimberly síos an staighre ina dteach i gCalifornia, sular thacht sé chun báis í. Tharla sé seo tar éis di bagairt air go lorgódh sí colscaradh mar gheall ar an ól a bhí ar siúl aige.

D’admhaigh an fear, ar as Nua-Eabhrac dó, ciontacht i ndúnorgain, ach shéan sé an dúnmharú – cion a d’aimsigh giúiré ina choinne bliain amháin tar éis bhás a mhná céile.

Sa bhliain 2014, thug Michael cur i láthair ‘TedTalk’ ón bpríosún dar teideal ‘I Have A Plan’ (‘Tá Plean Agam’). Labhair sé ann faoin gcaoi ar tógadh é gan athair, agus faoin andúil a bhí aige san alcól – andúil a mhaíonn sé a sháraigh sé fad is a bhí sé sa phríosún.

Sa ‘TedTalk’ céanna, dheimhnigh sé gur phós sé arís agus é sa phríosún, ach níor luaigh sé Kimberly ná an dúnmharú go mion.

Tuairiscíonn Galway Live gur bhog Michael, tar éis dó a bheith scaoilte saor ó Phríosún Stáit Ironwood in 2021, go ceantar tuaithe Ghlinsc – ar theorainn na Gaillimhe agus Ros Comáin – in 2024, áit a bhfuil cónaí air i dteachín.

Tháinig an scéal chun solais an deireadh seachtaine seo faoin áit a bhfuil Michael ina chónaí anois. Maidir leis seo, deir Thora Collard, iníon Kimberly, gur cás é seo ina bhfuil “an *karma* ag teacht ar ais”.

Dúirt Thora, cé go bhfuil bás a máthar tar éis teacht chun suntais sna meáin arís tar éis níos mó ná fiche bliain, gur chuir sí a teaghlach agus a cairde ar a suaimhneas: níl an scéal seo “ag oscailt sean-lotanna ná ag cur anacair orm”.

Scríobh sí i bpostáil ar na meáin shóisialta: “Ba é dúnmharú mo mháthar an rud ba dheacra a bhí le sárú agam riamh, i bhfad is i gcéin. Bíonn uaim í gach lá, agus bíonn fearg orm uaireanta nach raibh deis ag mo pháistí féin aithne a chur uirthi. É sin ráite, tá 24 bliain caite anois, agus is í a scéal-sa an réaltacht atá agam féin.” Lean Thora ar aghaidh: “Ó thús báire, shocraigh mé saol a chaitheamh a mbeadh mo mháthair ag iarraidh orm a chaitheamh, seachas fanacht gafa sa phian agus sa chaillteanas. Chomh maith leis sin, ní chaitheann mé aon fhuinneamh ag machnamh ar Michael, ná ag iarraidh díoltas nó cúiteamh a bhaint amach.

“Creidim go láidir i gkarma, agus go gcuirfidh an chruinne gach rud ina cheart ar deireadh. Deirtear gur ionann fearg a choinneáil istigh agus nimh a ól agus a bheith ag súil go bhfaighidh an duine eile bás. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfaighim beagán sástachta ag breathnú ar an gkarma atá ag teacht anuas air faoi láthair.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice