Search

21 Oct 2025

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €170,000 do Scéim Taispeántais na Músaeim Réigiúnacha 2024

Cuirfear €171,850 ar fáil faoi Scéim Taispeántais na Músaeim Réigiúnacha 2024

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €170,000 do Scéim Taispeántais na Músaeim Réigiúnacha 2024

Athbhrandáil ar chomharthaí músaem do Mhúsaem Bád Eitilte Fhainge

Nn Aoine seo, Lúnasa 23, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre.

Cuirfear €171,850 ar fáil faoi Scéim Taispeántais na Músaeim Réigiúnacha 2024. 

Féachann tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo le tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.

Tá sé thionscadal déag ag fáil maoinithe i mbliana lena n-áirítear Músaem Ime Chorcaí CLG, le haghaidh athchóiriú chás taispeántais oiriúnach chun samplaí d’im phortaigh a chur isteach; agus Músaem Chathair na Gaillimhe, chun samhail 3D a uasghrádú bunaithe ar an túrtheach ón 15ú-16ú haois i gCill Chluaine, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin: “Is acmhainní thar a bheith tábhachtacha iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre, cruthaíonn siad muintearas trí oidhreacht roinnte a cheiliúradh agus cuireann siad slí iontach ar fáil le foghlaim faoi stair an cheantair áitiúil.

“Thug obair mo Roinne thar na blianta ag maoiniú tionscadal faoin Scéim seo deis do chomhlachtaí cultúrtha leanúint ar aghaidh ag cur le cur i láthair a dtaispeántas agus ag feabhsú an tairiscint chultúrtha do na pobail ar a bhfreastalaíonn siad.

"Bailíonn, caomhnaíonn agus stórálann ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha réada agus ábhair a bhfuil luach reiligiúnach, cultúrtha agus stairiúil leo agus iad ag soláthar foinse siamsaíochta agus iontais.

"Cuidíonn na músaeim seo lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn agus gan iad, bheadh go leor dár stair agus dár gcultúr caillte thar na blianta.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.