Tá aitheantas agus moladh as cuimse faighte ag Kneecap le laethanta beaga anuas i ndiaidh don fhoireann freastal ar Féile Scannán Sundance i Utah.
Ócáid stairiúil a bhí ann nuair do tionscal scannánaíochta na hÉireann nuair a d'éirigh le Kneecap a bheith ar an chéad scannán Gaeilge a rinneadh craoladh ag an bhféile mór-aitheantais.
Bhí an scríbhneoir/stiúrthóir Rich Peppiatt agus réaltaí an scannáin, ina measc baill Kneecap, Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí mar aon le Simone Kirby, Jessica Reynolds agus Fionnuala Flaherty i láthair ag an première.
Tá sé do chosúileacht ann go bhfuil an lá le Kneecap agus aitheantas domhanda faighte acu ó mór uaisle an tionscal scannánaíochta.
Mhol Screen Daily an scannán agus rinneadh comparáid eadarthu agus na Young Offenders.
Fuair siad ardmholadh chomh maith ó The Wrap a mhol an scannán go hard na spéartha.
Dúirt Indy Wire go raibh an scannán speisíalta ó thaobh na haisteoireachta agus luaigh siad go raibh Moglaí Bap iontach mar aisteoir agus go ndéanamh siad a chéad scannán eile a choimheád go fonnmhar.
Kneecap, grúpa rapcheoil ceannródaíoch Gaeilge agus tugann an scannán cur síos ar an dóigh a dtáinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí.
Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh, Steve Jobs, 12 Years a Slave, Simone Kirby, Hidden Assets, Jimmy’s Hall agus Josie Walker, Belfast, The Wonder.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.