Peadar Ó Goill
Tháinig an triúr hip-hop Éireannach Kneecap agus an ghníomhaireacht chruthaitheach The Tenth Man atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath le chéile le stunt a dhéanamh mar cheiliúradh ar chéad scannán an bhanna, Kneecap.
Aréir, tháinig an banna ar an gcairpéad dearg ag Féile Scannán Sundance i Land Rover de chuid PSNI Thuaisceart Éireann a bhí go hiomlán feistithe, agus ainm an bhanna péinteáilte ar fud na feithicle.
Tá an stunt is déanaí seo deartha chun aird agus comhrá a spreagadh ar fud shaol na Gaeilge agus i bpolaitíocht na hÉireann faoin gcaoi a bhfeictear é trí shúile an domhain mhóir, a dúradh. Is siombail thábhachtach í Land Rover an PSNI i saothar Kneecap.
Tarraingíonn an stunt aird ar sheoladh scannáin ‘Kneecap’, an chéad scannán Gaeilge riamh a taispeánadh ag Féile Scannán Sundance. Tá sé stiúrtha ag Rich Peppiatt agus tá ról lárnach ann ag Michael Fassbender, a hainmnítear le haghaidh gradam Oscar. Is scéal leathfhicseanúil é faoin gcaoi ar cruthaíodh an triúr le linn d’éileamh a bheith ag méadú do chosaintí na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Le cúpla lá anuas, tá an BBC, Variety agus go leor seomraí nuachta domhanda ag scríobh faoi thuras Kneecap go Sundance.
Ag labhairt dó roimh léiriú an scannáin, dúirt Daniel Lambert, bainisteoir Kneecap: “Nuair a bhí muid ag cur pleananna le chéile do Sundance theastaigh uainn a léiriú don saol céard é bun agus barr Kneecap. Theastaigh uainn beart mór millteach a dhéanamh, rud suntasach nach ligfeadh Sundance i ndearmad. Chuaigh muid i gcomhairle le foireann The Tenth Man. Cuireadh plean le chéile lenár lámh a chur ar Land Rover cáiliúil na bPóilíní agus Kneecap a chur ag déanamh a chuid féin di.”
Tá Ken Robertson ina Phríomhfheidhmeannach ar The Tenth Man, an ghníomhaireacht atá taobh thiar den stunt. Dúirt sé: “Tá muid mar lucht leanúna mór de Kneecap le fada an lá agus mar sin nuair a chuala muid go raibh an scannán nua acu le bheith ar an gcéad scannán Gaeilge le léiriú ag Sundance Film Festival in Utah, bhí a fhios againn gur imeacht a bhí ann a raibh gá le ceiliúradh a dhéanamh air i bh’fíor-stíl Kneecap.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.