Aifreann cuimhneacháin i ndílchuimhne Aisling Murphy ar maidin inniu


Bean a bhí intí a bhí iontach go deo speisíalta a dúradh agus tugadh buíochas as ucht an oidhreacht luachmhar a d'fhag sí ina diaidh sa scoil ó thaobh an cheoil, spóirt agus cairdeas
Rinne an bhunscoil inar theagasc Ashling Murphy Aifreann cuimhneachán a reachtáil i ndílchuimhne ar an tiar-muinteoir, i Séipéal Naomh Colmcille i nDarú, Contae Uíbh Fhailí níos luaithe inniu.
I bpost ar na meáin shosíalta dúradh go raibh na muinteoirí agus scolairí araon ag tabhairt chun cuimhne an muinteoir mar bhean grámhar a bhí iontach go deo speisíalta.
Ghabhadh siad buíochas as ucht an oidhreacht a d'fhag Aisling acu ó thaobh an cheoil, an spoírt, agus cairdeas agus dúradh nach ndéantar dearmad go deo dí i dteach na scoile.
I bpost eile ar na meáin shosíalta ghabhadh teaghlach Aisling Murphy buíochas leo seo uilig a d'eagraigh ócáidí le hairgid a bhailiú de charthanachtaí i ndílchuimhne uirthi.
Beag nó mór, a dúirt siad bhí tábhacht le gach imeacht agus bhí siad fíor bhuíoch astu, a dúradh.
Dúnmharaíodh Aisling Murphy agus í amuigh ag rith ar an 12ú de mhí Eanair an am seo anuraidh.