Cuireann Coimpléasc an GPO spás ar fáil don chultúr chun tacú le pobail


Tá suim ar leith ag an OPW i moltaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí pobail agus sóisialta, le cláir oideachais, chultúrtha nó áineasa, agus le tionscnaimh dheonacha nó tionscnaimh atá faoi stiúir an phobail
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag lorg Léirithe Suime ó ghrúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus comhlachtaí neamhbhrabúis chun spás ar an gcéad urlár agus ar an dara hurlár den Ard-Oifig an Phoist (GPO) a áitiú agus a ghníomhachtú ar feadh tréimhse trí bliana.
Tá sé seo ag teacht le pleananna an Rialtais chun lár chathair Bhaile Átha Cliath a athbheochan.
Ní bheidh ar an tionónta a roghnófar cíos tráchtála a íoc as úsáid an spáis.
Tá an glao ar Léirithe Suime oscailte d’eagraíochtaí atá ag lorg suíomh suntasach i lár na cathrach chun cláir, ceardlanna agus tionscnaimh a chur i gcrích a rachaidh chun sochair do phobail áitiúla agus don phobal i gcoitinne.
Tá suim ar leith ag an OPW i moltaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí pobail agus sóisialta, le cláir oideachais, chultúrtha nó áineasa, agus le tionscnaimh dheonacha nó tionscnaimh atá faoi stiúir an phobail.
Is tionscnamh é tionscadal ‘Telegraph’ (úsáid shealadach), faoi stiúir an OPW, chun codanna den GPO a oscailt don phobal fad is atá pleananna d’athfhorbairt choimpléasc an GPO á gcur chun cinn.
Tá an tionscadal athfhorbartha don GPO sa todhchaí mar chuid de chomhthéacs níos leithne de ghníomhartha atá leagtha amach i ‘Treochlár an Rialtais chun Tuarascáil Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath a Chur i gCrích’.
Áirítear an méid seo a leanas i dtionscnamh ‘Telegraph’, a bheidh lonnaithe i sciathán Shráid an Phrionsa (Prince’s Street) den fhoirgneamh suntasach seo:
- Spás ar an gcéad urlár, ina bhfuil thart ar 250 méadar cearnach de spás inúsáidte agus áiseanna gaolmhara.
- Spás ar an dara hurlár, ina bhfuil thart ar 250 méadar cearnach de spás inúsáidte agus áiseanna gaolmhara.
Cuirfear na spásanna ar fáil i riocht réidh le húsáid láithreach (‘turnkey’), ach ní bheidh troscán ar bith iontu.
Mar chuid den phróiseas iarratais, ba cheart do mholtaí a léiriú conas a rachaidh na gníomhaíochtaí i dteagmháil le pobail áitiúla, conas a chothóidh siad rannpháirtíocht chultúrtha, agus conas a chruthóidh siad tionchar sóisialta dearfach.
Iarrtar ar eagraíochtaí a bhfuil suim acu ann Léiriú Suime a chur isteach, ina leagtar amach sonraí na heagraíochta agus a cumas chun critéir an phróisis roghnúcháin seo a chomhlíonadh. Tá tuilleadh eolais faoin spás atá ar fáil, faoi na ceanglais incháilitheachta agus faoin bpróiseas iarratais le fáil ag gov.ie/opw. Dúirt Ailtire an Stáit agus Príomhailtire an OPW, Conor Sreenan: “Is deis eisceachtúil í seo d’eagraíochtaí cultúrtha a gcuid oibre a fhorbairt i suíomh an-speisialta agus stairiúil, agus cur go dearfach le carachtar reatha Choimpléasc an GPO agus leis na pobail ina bhfuil sé suite.
"Tá súil againn go dtacóidh tionscadal ‘Telegraph’ leis an gcéim comhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíochta a bhaineann le hathfhorbairt Choimpléasc an GPO sa todhchaí. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an gcéim chomhairliúcháin roimh dheireadh na bliana seo.”
Roimh an gcéim sin den obair, fáiltíonn an OPW roimh iarratais ó gach eagraíocht incháilithe. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le grúpaí ar féidir leo fuinneamh nua, cruthaitheacht agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar an bpobal a thabhairt isteach sa GPO le linn na céime tábhachtaí seo dá athfhorbairt.
Ba cheart Léirithe Suime a chur isteach faoi dheireadh an lae oibre ar an 18 Samhain 2026 chuig [email protected]
Tá fáilte freisin roimh iarratais ó eagraíochtaí incháilithe atá ag obair i gcomhpháirtíocht nó mar chomhfhiontair.