Imscrúduithe ar siúl tar éis bhás fir ag club gailf i gCorcaigh

Deir na Gardaí go ndéanfar socrú le haghaidh scrúdú iarbháis; socróidh torthaí an scrúdaithe sin treo an imscrúdaithe atá ar bun ag na Gardaíplaceholder image
Deir na Gardaí go ndéanfar socrú le haghaidh scrúdú iarbháis; socróidh torthaí an scrúdaithe sin treo an imscrúdaithe atá ar bun ag na Gardaí

Deir na Gardaí gur aimsíodh corp an fhir thart ar 9.30 r.n. Dé hAoine.

Tá na Gardaí ag lorg finnéithe tar éis corp fir a aimsiú ag club gailf i gContae Chorcaí.

Aimsíodh corp an fhir, a bhí sna fichidí, i Maigh Chromtha thart ar 9:30 r.n. Dé hAoine.

Tá an láthair á cosaint faoi láthair chun go bhféadfaidh Biúró Teicniúil an Gharda Síochána scrúdú a dhéanamh uirthi.

Deir na Gardaí go ndéanfar socrú le haghaidh scrúdú iarbháis; socróidh torthaí an scrúdaithe sin treo an imscrúdaithe atá ar bun ag na Gardaí.

Tá imscrúdú mór ar bun ag na Gardaí agus tá Oifigeach Sinsearach Imscrúdaithe ceaptha. Chomh maith leis sin, tá seomra oibríochtaí bunaithe ag Stáisiún Gardaí Mhaigh Chromtha.

Tá Oifigeach Idirchaidrimh Teaghlaigh ceaptha chun tacaíocht a thabhairt do theaghlach an fhir a fuair bás.

Deir na Gardaí gur mhaith leo labhairt le haon duine a d’fhéadfadh a bheith i gcomharsanacht an Chlub Gailf, Castle Grounds, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí, idir 2 i.n. Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair, agus 10 r.n. Dé hAoine.

Iarrtar ar úsáideoirí bóthair nó coisithe a bhí sa cheantar, agus a bhfuil píosaí scannáin acu — bíodh sé ó ghuthán póca nó ó cheamara deais (dash-cam) — iad a chur ar fáil do na Gardaí atá i mbun an imscrúdaithe.

Má tá eolas ar bith ag aon duine, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Mhaigh Chromtha ag (026) 20590, le Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111, nó le haon stáisiún Gardaí eile.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice