Ceapann Bord daa John Coleman ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin


Tagann John Coleman chuig daa ón nGníomhaireacht Forbartha Talún áit a raibh sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) ó 2018 i leith
Tá John Coleman ceaptha ag Bord daa ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin nua ar an gcomhlacht.
Ceapadh an tUasal Coleman ar théarma seacht mbliana agus rachaidh sé i mbun an róil go luath sa bhliain nua.
Tá leasanna gnó ag daa, a bhaineann le haerfoirt agus miondíol taistil, i 15 tír ar fud an domhain. I measc phríomhghníomhaíochtaí daa tá oibriú Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí in Éirinn; miondíol aerfoirt ar leibhéal domhanda tríd an bhfochuideachta Aer Rianta International (ARI); agus comhairleoireacht agus infheistíocht eitlíochta idirnáisiúnta trí daa International. Is comhlacht stáit é daa agus tá a cheanncheathrú lonnaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tagann an tUasal Coleman chuig daa ón nGníomhaireacht Forbartha Talún (LDA), áit a raibh sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ó 2018 i leith.
Bhí sé freagrach as forbairt a dhéanamh ar fhorbróir tithíochta inacmhainne an stáit – ag tógáil ón gcéim choincheapa é go dtí go raibh sé ar cheann de phríomheagraíochtaí forbartha agus seachadta tithíochta na hÉireann, le hacmhainneacht chaipitil de €8.75 billiún agus os cionn 300 duine fostaithe ann.
Sular bhunaigh sé an LDA, bhí an tUasal Coleman ina Phríomhoifigeach Airgeadais ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA). Chuaigh sé isteach i NAMA in 2011 agus bhí roinnt róil shinsearacha aige le linn dó a bheith ann. Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath é, agus is cuntasóir cairte é freisin.
Dúirt Gary Owens, Cathaoirleach daa: “Tá an-áthas ar an mBord go bhfuil John ag teacht isteach i daa mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, tar éis próiseas roghnúcháin cuimsitheach. Tá a thaithí chruthaithe maidir le dul i dteagmháil le heagraíochtaí tráchtála thar ceann Stát na hÉireann, agus maidir le réitigh nuálacha a lorg chun freastal ar riachtanais náisiúnta na hÉireann, thar a bheith ábhartha – mar atá a thaithí ar fhoirne a thógáil agus a fhorbairt.
"Beidh a chumas chun dul i ngleic le córais chasta phleanála agus rialála an-luachmhar do daa freisin, agus muid ag cur ár bpleananna chun cinn d’fhorbairt fhadtéarmach Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí. Tá ról uathúil ag daa maidir le hÉirinn a nascadh leis an domhan, agus bhain sé feidhmíocht den scoth amach in 2026. Táim muiníneach go leanfaidh an comhlacht ag feidhmiú go láidir faoi cheannaireacht John." “Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun mo bhuíochas agus mo mheas féin, chomh maith le buíochas agus meas an Bhoird, a chur in iúl do Nick Cole. D’fheidhmigh sé mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ar daa, agus é ag comhlíonadh a róil mar Phríomhfheidhmeannach ar daa International ag an am céanna.”
Dúirt John Coleman: “Is mór an onóir dom, agus tá an-áthas orm, a bheith ag teacht isteach i daa ag tráth chomh tábhachtach sin ina thuras. Tá ról uathúil ag daa i rathúnas na hÉireann; tacaíonn sé leis an nascacht eacnamaíoch, shóisialta agus idirnáisiúnta a bhfuil ár dtír ag brath uirthi.
"Le linn mo ghairme, bhí mé i gcónaí faoi threoir an chreidimh go bhfuil bonneagar láidir, institiúidí láidre agus comhpháirtíochtaí láidre le geallsealbhóirí ríthábhachtach don dul chun cinn náisiúnta. Is pribhléid dom a bheith ag dul isteach sa bhfoireann thallannach dhíograiseach ag daa, agus muid ag oscailt an chéad chéim eile den fhás, ag neartú ár seasaimh mar ghnó aerfoirt agus eitlíochta idirnáisiúnta den scoth, agus ag leanúint orainn ag nascadh na hÉireann le deiseanna sna blianta agus sna deichbhlianta amach romhainn.”