Gearrliosta foilsithe do Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post 2026
.jpeg?trim=30,0,48,0&crop=&width=640&quality=70&enable=upscale)

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas bronnta duaiseanna in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath Dé Máirt, 1 Nollaig
Tá an gearrliosta do Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post (An Post Irish Book Awards) 2026 foilsithe. Tá meascán éagsúil agus spreagúil de shaothair den scoth ann, ó scríbhneoirí agus maisitheoirí nua chomh maith le cinn a bhfuil cáil bhunaithe orthu cheana, thar 19 rannóg éagsúil.
Ag ceiliúradh a 21ú bliain i mbliana, leanann Gradaim Leabhar na hÉireann An Post ag cur na litríochta Éireannacha chun cinn, agus ag tabhairt saothair údar agus maisitheoirí Éireannacha os comhair an lucht léitheoireachta is leithne is féidir.
Gach bliain, tugann na Gradaim pobal díograiseach le chéile — léitheoirí, údair, maisitheoirí, díoltóirí leabhar, foilsitheoirí agus leabharlannaithe — chun raon agus cáilíocht na litríochta Éireannacha a cheiliúradh. Aithnítear sa phróiseas seo guthanna seanbhunaithe chomh maith le tallann nua spreagúil atá ag múnlú an tírdhreacha liteartha.
I mbliana, déanfaidh na Gradaim ceiliúradh arís ar na leabhair, na húdair agus na maisitheoirí a mheall léitheoirí ar fud na tíre, rud a bhainfidh buaicphointe amach nuair a fhógrófar ‘Leabhar na Bliana’ ag Gradaim Leabhar na hÉireann An Post 2026.
Tá 19 rannóg ann, a chlúdaíonn réimse seánraí, lena n-áirítear: Úrscéal na Bliana, an Leabhar is Fearr a Foilsíodh in Éirinn, Leabhair do Pháistí (Sóisear agus Sinsear), Stair, Údar Nua, Stíl Mhaireachtála, Ficsean Coireachta, Beathaisnéis, Ficsean Coitianta, Neamhfhicsean, Spórt, Leabhair do Dhéagóirí agus Daoine Óga, agus an Ghaeilge.
Leanfaidh na rannóga don ‘Gearrscéal is Fearr’ agus don ‘Fhilíocht is Fearr’ leis an gcomhpháirtíocht rathúil atá acu le comórtas *New Irish Writing* de chuid an *Irish Independent*, comórtas a cuireadh ar bun in 2024.
Gheobhaidh an t-ocht scríbhneoir atá ar an ngearrliosta sa dá rannóg seo pacáiste tacaíochta speisialta ó Ghradaim Leabhar na hÉireann ag Ionad Scríbhneoirí na hÉireann (*Irish Writers Centre*). Cabhróidh sé seo leo a ngairmeacha a fhorbairt trí mheascán de mheantóireacht, cúrsaí, agus ballraíocht san Ionad.
Tugtar cuireadh don phobal anois a dtuairim a nochtadh agus vóta a chaitheamh ar son na leabhar is fearr leo i mbliana, trí shuíomh gréasáin Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post: anpostirishbookawards.ie/vote
Cuirfear ainm gach duine a chaitheann vóta isteach i gcrannchur chun seans a fháil ceann de chúig ‘National Book Tokens’ (dearbháin leabhar) ar fiú €100 an ceann iad a bhuachan. Tá an vótáil ar siúl anois agus dúnfaidh sí ar a 6 a chlog tráthnóna Dé hAoine, an 13 Samhain.
Idir an dá linn, craolfar clár teilifíse speisialta uair an chloig ar RTÉ One ar an 10 Nollaig, le hOliver Callan mar láithreoir. Tabharfaidh an clár léargas eisiach do lucht féachana ar na sé iomaitheoirí deiridh agus ar na leabhair atá san iomaíocht don teideal mór le rá: ‘Leabhar na Bliana ag Gradaim Leabhar Éireann An Post 2026’.
Beidh fógairt bhuaiteoir foriomlán na bliana seo mar bhuaicphointe an chláir.
Dúirt Sinéad McCorry, Cathaoirleach Ghradaim Leabhar Éireann An Post: “Léiríonn gearrliosta Ghradaim Leabhar Éireann An Post i mbliana go hálainn an doimhneacht agus an éagsúlacht atá i gceist leis an tallann i saol na scríbhneoireachta in Éirinn. Agus muid ag ceiliúradh 21 bliain de na Gradaim, is iontach an rud é meascán chomh láidir sin de scríbhneoirí seanbhunaithe agus nua a fheiceáil sna catagóirí éagsúla, chomh maith leis na foilsitheoirí, na maisitheoirí agus na díoltóirí leabhar a bhfuil ról chomh tábhachtach sin acu chun na scéalta seo a thabhairt do léitheoirí.
"Tá an-áthas orainn leanúint lenár gcomhpháirtíocht leis an *Irish Independent* trí na catagóirí don Ghearrscéal is Fearr agus don Fhilíocht is Fearr. Cuid thábhachtach de na Gradaim is ea deiseanna a chruthú do ghuthanna nua atá ag teacht chun cinn, agus tá ríméad orainn go bhfaighidh gach scríbhneoir atá ar an ngearrliosta sa dá chatagóir seo pacáiste speisialta tacaíochta ó Ionad Scríbhneoirí Éireann (Irish Writers Centre). Cabhróidh sé seo leo a gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt agus an chéad chéim eile a thógáil ina ngairmeacha."
Tá áit shuntasach agus an-ghnaoi ag daoine ar Ghradaim Leabhar Éireann An Post i bhféilire liteartha na hÉireann, agus táimid ag tnúth le teacht le chéile ar an 1 Nollaig chun leabhair agus scríbhneoirí den scoth na bliana seo a cheiliúradh.”
Dúirt Fergal Leamy, Príomhfheidhmeannach An Post: “Comhghairdeas leis na scríbhneoirí, na foilsitheoirí, na maisitheoirí agus na díoltóirí leabhar ar fad a bhain an gearrliosta amach do 2026. A bhuí leo, tá liosta léitheoireachta den scoth againn i mbliana do léitheoirí de gach aois agus de gach spéis. Tá saibhreas scríbhneoirí Éireannacha ann – idir scríbhneoirí seanbhunaithe agus scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn – ar féidir linn taitneamh a bhaint astu agus iad a cheiliúradh. Táim ag tnúth le leabhair ón ngearrliosta a léamh roimh na gradaim, agus spreagfainn gach duine chun tús a chur leis an léitheoireacht agus leis an vótáil.”
Cliceáil anseo chun an gearrliosta iomlán a fheiceáil