Bean scothaosta básaithe i dtimpiste bhóthair i dTiobraid Árann


Deir na Gardaí gur tharla an teagmhas, inar bhain feithicil amháin amháin, ar Shráid an Bhráthar i gCaiseal go gairid tar éis a 3 a chlog Dé Céadaoin
Tá na Gardaí ag lorg finnéithe tar éis do bhean aosta bás a fháil i dtimpiste bhóthair i gContae Thiobraid Árann.
Deir siad gur tharla an eachtra – a bhain le feithicil amháin – ar Sráid an Bhráthar (Friar Street) i gCaiseal go gairid tar éis a 3 a chlog Dé Céadaoin.
"Dearbhaíodh go raibh tiománaí an ghluaisteáin – bean a bhí sna hochtóidí – marbh ag láthair na timpiste. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile," a dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána.
Tá scrúduithe teicniúla agus fóiréinseacha curtha i gcrích ag láthair na timpiste, agus tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste teacht chun cinn.
Iarrtar ar úsáideoirí bóthair a raibh ceamara acu – ceamara deais (dash-cam) san áireamh – agus a bhí ag taisteal sa cheantar idir 2:50 i.n. agus 3:20 i.n. Dé Céadaoin, an t-ábhar físe sin a chur ar fáil do na Gardaí atá i mbun an imscrúdaithe.
Má tá eolas ar bith ag aon duine, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Chluain Meala ag 052 617 7640, le Líne Rúnda na nGardaí ag 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Gardaí eile.