Search

06 Sep 2025

Mórimeacht ina mbíonn comhrá trí Ghaeilge ar feadh 3 lá ar fud an domhain

Ó Chóbanhávan go Cathair na nAingeal

Comhrá gan stad trí Ghaeilge ar feadh trí lá agus oíche ar fud an domhain

FILE PHOTO

Dé Luain seo chugainn, Deireadh Fómhair 9, cuirfear tús le Comhrá ‘23,  mórimeacht ina mbíonn comhrá gan stad trí Ghaeilge ar feadh trí lá agus oíche ar fud an domhain.

Tá sé mar aidhm ag an imeacht an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear trí dhaoine a spreagadh chun cainte le cairde agus le pobal na Gaeilge ar líne.

Tá an t-imeacht bliantúil ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód le #Comhrá23, togra inar briseadh curiarrachtaí domhanda thar na blianta agus a thug na céadta grúpaí le chéile le páirt a ghlacadh ó 2013. Beidh an Comhrá á shruthú beo ar snag.ie.

Ag labhairt faoin mhórimeacht, dúirt Brónagh Fusco, Comhordaitheoir Comhrá ‘23: “Beidh #Comhrá23 ag taisteal fud fad an domhain ó Bhaile Átha Cliath go Cóbanhávan, ó na Beanna Boirche go Cathair na nAingeal agus ó Thír Chonaill go dtí an Fhrainc i mbliana.

"Táimid thar a bheith sásta go bhfuil grúpaí in Éirinn agus grúpaí idirnáisiúnta araon ag glacadh páirt san ócáid. Is mór againn go mbeidh comhrá spreagtha againn i measc daoine le Gaeilge i ngach áit is go mbeidh deis ag na rannpháirtithe an Ghaeilge a úsáid ar bhealach úr.”

Ar ábhar #Comhrá23, dúirt Bairbre Ní Choisdealbha, múinteoir i gColáiste an Eachréidh, Gaillimh: “Táim féin agus pobal Choláiste an Eachréidh ag súil go mór le tús a chur leis an bhfeachtas, Comhrá ‘23. Is ardán iontach é leis an nGaeilge a cheiliúradh, ár mbród agus ár ngrá dár dteanga a roinnt le pobal mór na Gaeilge agus an tábhacht domhanda a bhaineann leis an teanga a chur in iúl do phobal na scoile agus chomhphobal Bhaile Átha an Rí i gcoitinne.”

Cuirfidh Coláiste an Eachréidh sa Ghaillimh tús leis an gComhrá a bheidh ag taisteal ar fud an domhain. 

Dúirt Caitríona Weaver, Leas-Uachtarán Chonradh na Gaeilge L.A.: "Is cúis áthais dúinn i gConradh na Gaeilge LA bheith páirteach i gComhrá '23 i mbliana, agus ionadaíocht a dhéanamh ar Ghaeil SAM sa chomhrá leanúnach Gaeilge leis an míleáiste is faide a bhaint amach. Táimid ag súil le bheith ag nascadh trí Ghaeilge leis na daoine eile a bheidh ag glacadh páirte sa chomhrá, pé áit ar domhan ina bhfuil siad.”

Tá clár ama ar fáil do #Comhrá23 anseo. Do dhaoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí cairde gur mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chomhrá, tá spásanna teoranta ar fáil anseo agus is féidir an comhrá ar fad a leanúint ar www.snag.ie.

Eagraítear Comhrá gach bliain le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.