TÁ AN cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile.
Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua, ar Dé Sathairn, 28 Deireadh Fómhair 2023, ag 10rn in ionad Cló Iar-Chonnacht, an Cheardlann, An Spidéal.
Beidh Micheál Ó Conghaile (scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (cumadóir amhrán agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta) mar stiúrthóirí na ceardlainne.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach cumadóra chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh is a mheas.
Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim óna chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.