Search

21 Oct 2025

Béilí scoile a thairiscint do scoileanna éagsúla ar fud fad na tíre

Léiríonn fianaise go dtéann béílí scoile chun sochar don scolaire agus teaghlach araon

Béilí scoile a thairiscint do scoileanna éagsúla ar fud fad na tíre

Moltar béilí scoile te a bheith uilíoch faoi 2030 Pictiúr: Getty Images

Ba cheart go bhfaigheadh na mílte páistí bunscoile béilí scoile te go luath de réir clár nua rialtais. Tá Seanadóir as Luimneach ag iarraidh ar scoileanna a spéis a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Tá sé fógartha ó Mheán Fómhair go mbeidh Hot School Meals a leathnú ar fud na tíre amach anseo agus go mbeidh seans ag scoileanna nárbh Deis iad leas a bhaint as.  

Tá pleananna suntasacha fógartha ag an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, chun é a chur i bhfeidhm i ngach bunscoil in Éirinn.

Thug an Seanadóir, Maria Byrne, arbh as Luimneach í spreagadh do scoileanna páirt a ghlacadh sa tionscnamh. Dúirt sise go mbeidh an Roinn ag lorg léirithe spéise go luath uadh na scoileanna atá fágtha agus ar mhian leo a bheith rannpháirteach i gclár na mbéilí te scoile."

Bunaíodh an Clár Béilí Scoile i 2003, chun béilí rialta, cothaitheacha a sholáthar do leanaí nach raibh in ann leas iomlán a bhaint as an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Tugtar tús áite do mhaoiniú faoin scéim do scoileanna DEIS, a bhfuil an daonra mac léinn is mó i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta.

Tá ardú ar na rátaí béilí fógartha ag an tAire Humphreys freisin.

Ó Eanáir 1, 2023, tháinig méadú ar ráta laethúil a gcuid béilí sna scoileanna seo. Méadaíodh bricfeasta ó €0.60 go €0.75, méadaíodh lónta fuar ó €1.40 go €1.70, méadaíodh dinnéar ó €1.90 go €2.50 agus méadaíodh béile te scoile ó € 2.90 go €3.20.

Agus í ag fógairt an mhéadaithe ar rátaí, dúirt an tAire, "gur mór an méid a chuir na soláthróirí le rathúlacht Chlár na mBéilí Scoile."

D'fhoilsigh an tAire meastóireacht neamhspleách ar an gClár Béilí Scoile reatha.

Bhain an mheastóireacht seo de thátal as gur chreid rannpháirtithe na gclár go raibh sé éifeachtach, agus aimsíodh go raibh leibhéal ard d'fhianaise ann go raibh feabhsuithe ar thinreamh scoile mar thoradh ar sholáthar béilí scoile.

Léirigh an fhianaise go ndéanann soláthar bia do leanaí ar scoil difríocht do theaghlaigh, ó thaobh an airgid a choigilt agus ó thaobh am a shábháiltear le bia a ullmhú.

"Tá an mheastóireacht seo bunaithe ar fhianaise agus leagann sé amach sraith moltaí chun Clár na mBéilí Scoile a leathnú amach anseo. Is é an moladh uileghabhálach gur cheart go bhfaigheadh gach leanbh béile te amháin saor in aisce," a dúirt an tAire Humphreys.

“Is é an uaillmhian atá agam ná go mbeidh rochtain ráthaithe ag leanbh a rugadh in Éirinn inniu ar bhéile te faoin am a dtosaíonn siad ar scoil,” a dúirt sí.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.