Tá an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte ag iarraidh ar dhaoine a bheith faicheallach i dtaca leis an noraivíreas.
Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna noraivíreas i mbliana.
Aimsíodh a ceithre oiread cásanna noraivíreas idir tús mhí Eanair agus lár mhí Mhárta ná mar a aimsíodh san tréimhse chéanna anuraidh.
Daoine thar 65, is mó atá buailte leis an vireas agus páistí óga.
Dúirt an dochtúir Dr Paul McKeown go bhfuil an vireas iontach furast a spéadh ó dhuine go duine.
Iarrtar ar dhaoine a lámha a ní go maith agus go minic. Iarrtar ar dhaoine atá tinn leis an noraivíreas fanacht sa bhaile, gan a dhul amach ag obair agus scairt a chur ar an dochtúir sula dtéann siad chuig an clinic.
Dúirt an dochtúir Dr Paul McKeown nach maireann an tinneas ach ar feadh lá nó dhó leo seo atá i sláinte mhaith ach go bhféadfadh an tinneas fanacht ní ba fhaide leo seo atá leochaileach.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoi an noraivíreas anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.