Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, Co. na Gaillimhe
D’fhógair an tAire don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil allúntas ar fiú suas le €902,419 á chur fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt bhreise a dhéanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, Contae na Gaillimhe.
Beidh an tIonad Míniúcháin Turasóireachta seo dírithe go sonrach ar dhiaspóra na Gaeltachta agus é mar acmhainn acusan agus ag a sliocht ó thaobh taighde ginealais de; beidh sé freisin ina áis tharraingteach do thurasóirí agus é suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara.
Beidh roinnt gnéithe bainteach leis an togra, ina measc, gairdín cuimhneacháin ar thaobh an ionaid mar pháirt do eispéireas na n-imirceach; deiseanna oideachais a bheas bainteach leis na hacmhainní áitiúla teanga, cultúir, ceoil agus staire; eispéireas míniúcháin féinthreoraithe, a bheidh lonnaithe san ionad, agus taighde ginealais.
Dúirt an tAire Martin: "Is cúis mhór áthais dom an maoiniú seo a cheadú d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Tacaíonn an togra seo le gnéithe éagsúla de chuid na Roinne idir turasóireacht, cultúr, ealaíon, oidhreacht agus ar ndóigh cuirfidh sé le hinfreastruchtúr agus buanú na Gaeltachta agus na Gaeilge féin."
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan: "Is togra tábhachtach é seo do cheantar Charna agus do Chonamara agus Iarthar na hÉireann i gcoitinne. Cuirfidh sé leis an líon turasóirí a thagann go dtí an ceantar. Cruthaíonn an tionad seo nasc fíor-thábhachtach leis an diaspora chomh maith.
"Chomh maith le turasóirí a mhealladh go dtí an ceantair cruthóidh sé fostaíocht sheasmhach, ní amháin san ionad féin ach sna hearnálacha gaolmhara eile sa cheantar. Tréaslaím leis an gCoiste áitiúil agus na páirtithe leasmhara ar fad as ucht an togra seo a bhrú chun cinn agus a thabhairt go ceann scríbe."
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin: "Is lá mór é seo do na daoine ar fad a d’oibrigh ar son an togra seo le blianta fada anuas, go háirithe Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach Teo, agus pobal an cheantair seo, bíodh siad anseo i gConamara, nó scaipthe ar fud an domhain."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.