Search

05 Sep 2025

Sinn Féin ag géilleadh ar a gcuid prionsabal ar mhaithe le cumhacht - Toiréasa Ferris

'Níl mé chun vótáil i gcomhar an páirtí a thuilleadh, tá mé chun vótáil don ionadaí a sheasann do na rudaí atá tábhachtach domsa'

Sinn Féin ag géilleadh ar a gcuid prionsabal ar mhaithe le cumhacht - Toiréasa Ferris

Toiréasa Ferris

Dúirt Toiréasa Ferris in agallamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh Sinn Féin ag géilleadh an iomarca ar a gcuid prionsabal ar mhaithe le cumhacht, agus go raibh sí an-sásta go raibh an pholaitíocht fágtha ina diaidh aici.  

Bhí Ferris ina comhairleoir contae i gCiarraí idir 2003 agus 2019.

San agallamh ar An Saol ó Dheas, labhair sí faoina cinneadh éirí as an bpolaitíocht, agus dúirt sí: “Thuigeas go raibh Sinn Féin ag dul i méid.  It didn’t sit well liom. Bhí comhráití ag tosú ag an sin faoi, mar shampla, an Special Criminal Court, agus fiú na blianta roimhe sin an cháin chorporáideach… de réir mar a bhí an chosúlacht ann go mbeadh deis againn a bheith i gcumhacht, bhí rudaí a bhí ina red line na blianta go dtí sin, nach raibh a thuilleadh. Níor shuigh sé sin go maith liom.”   

Dúirt sí go raibh sí an-sásta faoina cinneadh éirí as an bpolaitíocht, agus go ndearna sí díreach ag an am ceart é.  

“An rud is fearr ná gur rinne mé an cinneadh sin, mar más cuimhin leat an chéad vóta a bhí sa Dáil tar éis an toghchán i 2020 bhí sé ar an legislation faoin Special Criminal Court agus do staon Sinn Féin. Ní bheinnse tar éis staonadh, só an chéad rud a bheadh tarlaithe bheinn caite amach as an bpáirtí parlaiminte mar nár chloí mé leis an treoir mar ní bheinn tar éis é sin a dhéanamh.”  

Dúirt sí san agallamh le Helen Ní Shé gur éirigh sí as an bpáirtí go hiomlán tar éis di éirigh as an gComhairle Contae 

“Ní raibh uaim a bheith páirteach le cad a bheadh ar siúl. Tá súil agam go bhfuil mé mícheart. Poblachtánach is ea mé.  Tá ana chuid poblachtánach i Sinn Féin. Tá ana chuid daoine i Sinn Féin, ní dóigh liom gur poblachtánaigh iad, b’fhéidir náisiúnaigh, b’fhéidir sóisialaigh, ach níl siad an dá rud. Ní raibh uaim a bheith páirteach leis an méid go bhfuil eagla orm go bhfuil siad sásta a ghéilleadh ar mhaith le cumhacht. Braithim mídhílis á rá sin, go háirithe nuair atá mé fós ana chairdiúil le ana chuid de na daoine sin, agus sin just an amhras a bhí orm i gcónaí, cé chomh fada is a bheidh siad sásta dul ar mhaithe le cumhacht.” 

Dúirt sí go ndúirt sí ariamh nach polaiteoir a bhí inti, ach gníomhaí, agus dúirt sí nach raibh sí chun vótáil don pháirtí a thuilleadh, ach don iarrthóir.  

“An slí atá mé chun vótáil as seo amach – níl mé chun vótáil i gcomhar an páirtí a thuilleadh, tá mé chun vótáil don ionadaí a sheasann do na rudaí atá tábhachtach domsa. I mo thuairimse, siad Sinn Féin an t-aon pháirtí i láthair na huaire gur féidir rudaí a dhéanamh níos fearr. Ach an mbainfidh siadsan amach an saghas tír atá ag teastáil uaim agus a cheapaim go bhfuilimid i dteideal a fháil faoi dheireadh?  Ní dóigh liom.” 

Bhí Toiréasa Ferris faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.