Search

06 Sep 2025

Fadhb an chócain i nGaillimh a phlé sa chlár Snaoisín Bán ar RnaG

Tháinig méadú níos mó ná 50% ar an líon daoine a rugadh orthu i gConamara sa bhliain 2022 le cócaon ina seilbh acu i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin

Fadhb an chócain i nGaillimh a phlé sa chlár Craolfar Snaoisín Bán ar RnaG

Déanann an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain iniúchadh ar fhadhb an chócain i nGaillimh sa chlár Craolfar Snaoisín Bán atáthar a chraoladh Dé Céadoin, Feabhra 8 ag 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  

Tháinig méadú níos mó ná 50% ar an líon daoine a rugadh orthu i gConamara sa bhliain 2022 le cócaon ina seilbh acu i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.  Sa chlár seo, cloiseann muid ón nGarda Síochána faoin bhfadhb mhór seo atá ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus faoi obair na n-oifigigh custaim, ó Aonad Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim, leis an druga a choinneáil amach as an tír.   

Beidh cur síos ón dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh ar na fadhbanna sláinte tromchúiseacha a bhaineann le húsáid chócaoin, fadhbanna atá sé ag feiceáil i bhfad níos minicí ina chuid othar anois, agus beidh tuairimí láidre le cloisteáil ón gcomhairleoir andúile Joe Treacy faoi easpa seirbhísí atá ann i gContae na Gaillimhe do dhaoine atá tugtha don druga.   

Cloisfidh muid cur síos pearsanta sa chlár freisin ó fhear óg, 32, a bhí tugtha do chócaon, agus mar a chuaigh rudaí in olcas ón gcéad líne cócaoin a thóg sé go dtí go raibh sé ag caitheamh €500 sa lá ar an druga, agus an dochar mór a rinne sé sin do gach gné dá shaol sula ndeachaigh sé ag cuartú tacaíochta.  Beidh cur síos freisin ar na seirbhísí atá ar fáil d'andúiligh in ionad Bushypark in Inis i gContae an Cláir.  

Craolfar Snaoisín Bán Dé Céadoin, Feabhra 8, ag 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.