Search

06 Sep 2025

Première domhanda aréir ag KNEECAP ag Féile Scannán mór le rá Sundance

Is é an scannán seo an chéad scannán Gaeilge atá taispeánta riamh ag féile Sundance

Première domhanda aréir ag KNEECAP ag Féile Scannán mór le rá Sundance

Bhí a première domhanda aréir, Deardaoin, ag KNEECAP, ceann de na scannáin Éireannacha is mó a bhfuiltear ag tnúth leis le blianta beaga anuas, ag Féile Scannán mór le rá Sundance in Utah.  

Is é an scannán seo an chéad scannán Gaeilge atá taispeánta riamh ag an bhféile.  Bhí scríbhneoir/stiúrthóir Rich Peppiatt agus réaltaí an scannáin, ina measc baill Kneecap: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí mar aon le Simone Kirby, Jessica Reynolds agus Fionnuala Flaherty i láthair ag an première.

Kneecap, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh, sin scéal an scannáin. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh, Steve Jobs, 12 Years a Slave, Simone Kirby, Hidden Assets, Jimmy’s Hall agus Josie Walker, Belfast, The Wonder.  

In iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugann sé cuntas ar an chinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an bhealach ‘ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin. 

Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 gur léir gurb é ''TG4 an craoltóir is fearr don scannán seo 'Kneecap' -  scannán grinn, dána agus spleodrach, ar aor dorcha é ach a bhfuil scéal réadúil ann maidir le gníomhachas teanga. Is iontach an t-aitheantas é do scannánaíocht na Gaeilge agus mar a thaistealaíonn ár dteanga - go mbeidh scéal agus ceol Kneecap ag oscailt na féile scannán neamhspleách is mó ar domhan.'' 

Bhí an méid seo le rá ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt faoin première domhanda: “Nuair a chuir mé romham féin an chéad lá riamh scannán a dhéanamh i dteanga nár labhair mé, a bheadh suite in áit nárbh as dom, is beag a shíl mé ceithre bliana níos faide anonn go mbeadh an scannán Kneecap á chur os comhair an tsaoil againn ag an fhéile is gradamaí agus is tábhachtaí i dtionscal na scannán neamhspleách. Is mór an onóir dom gort nua i dtionscal na scannán Gaeilge a threabhadh; seo scannán a bhfuil an t-iontas agus an spreagadh ina orlaí tríd – dála cheol Kneecap féin.” 

Bhí an méid seo le rá ag an léiritheoir Trevor Birney ó Fine Point Films: “Seo an chéad scannán Gaeilge a roghnaigh Sundance riamh, agus is éacht amach is amach é ní hamháin ag Rich Peppiatt agus Kneecap ach ag Fine Point agus ag an tionscal scannán in Éirinn, thuaidh agus theas, chomh maith. Bhí mé an-tógtha go deo leis an scannán nuair a phléigh Rich an smaoineamh liom an chéad lá riamh agus thosaigh muid ag obair i gcomhar leis an bhanna ionas go dtiocfadh an fhís chun fíre. Caithfidh mé buíochas ó chroí a ghabháil leis an chriú iontach a bhí againn agus, ar ndóigh, leis na maoinitheoirí a thacaigh le fís Rich. Go raibh maith agaibh.”  

Seo mar a labhair Patrick O’Neill, stiúrthóir bainistíochta Wildcard: “Tá lúcháir ar Wildcard go bhfuil muid ag obair i gcomhar le Kneecap mar Léiritheoir agus Dáileoir. Is iontach go deo an scannán Gaeilge é agus tá mé cinnte de go rachaidh sé i gcion ar dhaoine in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá muid ag dúil go mór lena chur os comhair an tsaoil sna pictiúrlanna in 2024.”  

In 1978 a bunaíodh Féile Scannán Sundance agus tá sí ar an fhéile is iomráití ar domhan ó thaobh na scannán neamhspleách de.  Is é KNEECAP an chéad scannán riamh nár léiríodh i Meiriceá a roghnaíodh do rannóg NEXT na féile. De réir na féile féin, na saothair a roghnaítear faoin rannóg seo, is “saothair íona mhisniúla iad agus is sonraíoch an insint nuálach cheannródaíoch a chleachtar iontu”. 

Seo an chéad scannán beo-aicsin ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt, fear a rinne an clár faisnéise aorach One Rogue Reporter a thug duaiseanna go leor leis. Mhaígh an LA Times gur banna iad Kneecap “a chuirfeadh laethanta luatha Eminem i gcuimhne do dhuine” agus tá na léirmheastóirí á moladh go barr bata as a meascán ealaíonta rap Gaeilge agus Béarla a thugann aghaidh ar an saol crua cadránta atá roimh an té a bhíonn ag fás aníos i mBéal Feirste i ndiaidh aimsir na dTrioblóidí. Eisíodh an singil 'Better Way to Live' leo an mhí seo caite, singil ina bhfuil Grian Chatten ag ceol, agus tá tnúth mór leis an chéad albam riamh uathu, a eiseofar go luath an bhliain seo chugainn. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.