Ealaíontóir na Sionainne, Dominic McNamara le cuid dá shaothar ealaíne
Tá a gcroíthe móra léirithe arís ag ealaíontóirí agus daoine cáiliúla in Éirinn agus iad ag glacadh páirte i rud i dtogra Incognito.
Séard atá i Incognito nó ceant ina ghlacann mór uaisle agus aicme na hÉireann pairt. Déanann siad píosa ealaíon agus dioltar é ar son carthanacht Jack & Jill.
Airítear an finscéal rac Ronnie Wood, Mark Feehily ó Westlife, an t-amhránaí Brian Kennedy, na dearthóirí faisin Don O’Neill agus Paul agus William Costelloe, an t-amhránaí tíre Mary Black, an t-aisteoir Norma Sheahan, agus an ceoltóir Eimear Quinn leis an tógra.
Beidh an seó, Incognito 2023, ar siúl ar líne, Dé Céadaoin, Aibreán 26. Ní bheidh fhios acu seo a cheannaíonn na saothair cé hé an t-ealaíontóir atá taobh thiar den píosa ealaíne is fearr leo go mbeidh an bailiúchán díolta amach, agus go nochtfar na healaíontóirí.
Agus é ina sheachtú bliain anois, tá breis is €860,000 bailithe ag Incognito go dtí seo chun cúram altranais sa bhaile agus tacaíocht faoisimh a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil baint acu le Jack agus Jill, lena n-áirítear naoi dteaghlach a bhfuil cónaí orthu sa Chlár.
Tá lucht Jack agus Jill ag súil go dtabharfaidh cistí 2023 an tsuim iomlán a bailíodh tríd an tionscnamh ealaíne tionchar seo go dtí €1 milliún.
Beidh ealaíontóirí ón mbaile agus thar lear araon ag glacadh páirte, lena n-áirítear ón Ríocht Aontaithe, an Eoraip, SAM, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, is saothar bunaidh é gach saothar ealaíne agus níl ach costas €65 air, is cuma cé hé an t-ealaíontóir.
Moltar go láidir do cheannaitheoirí a bhfuil suim acu ann clárú, féachaint ar an mbailiúchán, agus a liosta mianta dá ndeich saothar ealaíne is fearr a chruthú in ord tosaíochta roimh an díolachán, ionas nach gcaillfidh siad an píosa ar bhfearr leo fáil.
Tá bailiúchán Incognito 2023 de bheagnach 3,000 bunphíosa ealaíne ar mhéid cártaí poist, ó bhreis is míle ealaíontóir, ar fáil ar an suíomh. Chun féachaint ar an bailiúchán, nó chun clárú, tabhair cuairt ar www.incognito.ie nó lean ar sóisialta ag www.facebook.com/2023incognito.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.