Search

06 Sep 2025

Seachtain na Gaeilge seolta ag Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó Dé Céadaoin, Márta 1ú go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé hAoine, Márta 17

Seachtain na Gaeilge seolta ag Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh

Imogen O’Flaherty Falconer, Barry Ó Siochrú agus Sai Gujulla (Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh)

Sheol Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh a chlár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge inniu. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó Dé Céadaoin, Márta 1ú go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé hAoine, Márta 17. 

Spreagfaidh an tseachtain seo mic léinn agus baill foirne ar fud na hOllscoile cibé leibhéal Gaeilge atá acu a úsáid ag imeachtaí spraíúla, saor in aisce, cuimsitheacha. Beidh oíche de chultúr Gaelach ann, ina ndéanfar ceiliúradh ar bhuanna bhaill foirne agus mic léinn na hOllscoile le filíocht, amhránaíocht, prós agus damhsa i nGaeilge.

Chomh maith leis sin, tarraingeoidh Comhaltas na Mac Léinn aird ar fheachtais atá dírithe ar chearta teanga na Gaeilge, amhail An Dream Dearg. Beidh an rang Gaeilge 101, a mbíonn an-tóir air i gcónaí, ar ais chun blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt do dhaoine.


Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sai Gujulla, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá lúcháir orainn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a sheoladh chun pobal na hOllscoile a spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt in atmaisféar spraíúil agus suaimhneach. Is sinne an chéad Chomhaltas Mac Léinn sa tír a bhfuil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha aige agus níl ár straitéis Gaeilge ach ina tús leis na himeachtaí seo.”
Dúirt Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn don Ghaeilge, Barry Ó Siochrú: “Táimid ar bís chun fáilte chroíúil a chur roimh an nGaeilge sa champas i rith Sheachtain na Gaeilge. Beidh comhoibrithe iontacha ag cabhrú linn leis an tseachtain a reáchtáil, agus iad ag cur seónna Flirt FM i láthair i nGaeilge, agus ag reáchtáil tob-sheisiún ceoil traidisiúnta, oíche de chultúr Ghaelach agus ar ndóigh Céilí Mór ag Sult. Seachtain spraíúil a bheidh inti.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.