Search

06 Sep 2025

Cúigear mór le rá i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste agus faoi choimirce bhean an tí

Des Cahill, Amanda Brunker, Fred Cooke, réalta Tiktok Lauren Whelan agus peileadóir Mhaigh Eo Oisín Mullin i nGaeltacht Rann na Feirste

Cúigear mór le rá i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste agus faoi choimirce bhean an tí

Des Cahill, Amanda Brunker, Fred Cooke, réalta Tiktok Lauren Whelan agus peileadóir Mhaigh Eo Oisín Mullin

I sraith nua RTÉ Réaltaí na Gaeltachta, cuireadh cúigear a bhfuil aithne mhór orthu chuig coláiste Gaeilge Choláiste Bhríde i Rann na Feirste i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán an Ghaeilge a fhoghlaim arís. Chaith Des Cahill, Craoltóir Spóirt, Amanda Brunker, scríbhneoir, Fred Cooke, fuirseoir, Oisín Mullin peileadóir CLG as Maigh Eo a imríonn Peil na hAstráile anois agus Lauren Whelan an réalta TikTok seachtain amháin ina gcónaí le Bean an Tí agus ag dul chuig na ranganna agus na céilithe agus ag déanamh obair bhaile, díreach mar a dhéanfadh scoláirí cearta.

Déanfar scrúdú mór ag deireadh na seachtaine ach is í an cheist an mbeidh dóthain Gaeilge acu le bheith ina Réaltaí na Gaeltachta?  

Thug siad leo a gcuid cóipleabhar agus phacáil siad a gcuid málaí agus thug siad aghaidh ar ceann de na coláistí Gaeilge is mó le rá in Éirinn - Coláiste Bhríde, Rann na Feirste.  

Roinn na buachaillí seomra Tigh Chaitlín Nóra Frainc. I dteach na gcailíní, bhí réalta mór TikTok Lauren Whelan agus an scríbhneoir Amanda Brunker in éineacht le Bean an tí Maighread agus a gariníon Aisling.  

Faoi threoir an Mhúinteora Niall Ó Sluain agus le cúnamh mhuintir na háite, thug an cúigear scoláirí iad féin i dtaithí an choláiste samhraidh - lena n-áirítear na ranganna, na céilithe agus ceolchoirm mhór dheiridh an chúrsa. Lean na scoláirí clár ama an choláiste gach lá - ranganna ar maidin le Múinteoir Niall agus Múinteoir Méabh agus iad gnóthach sa tráthnóna le gníomhaíochtaí traidisiúnta an choláiste - amhránaíocht, damhsa agus cadhcáil fiú.

Ag deireadh na seachtaine bhí ar gach scoláire fáil reidh don scrúdú béil chun an feabhas a bhí tágtha ar a gcuid Gaeilge a thomhais. Bhí duaiseanna le bronnadh ag an seó tallainne ag deireadh na seachtaine ach sé hí an ceist nó cé a bhuaigh an duais mhór Réalta na Gaeltachta? 

Bígí ag féachaint ar an tsraith nua de Réaltaí na Gaeltachta Dé Máirt an Feabhra 28 ag 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.