D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, Dara Calleary, go bhfuil an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 ceadaithe ag an Rialtas
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, Dara Calleary, go bhfuil an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 ceadaithe ag an Rialtas.
Féachann an Plean Gníomhaíochta seo, atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne, le cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Thit an fhreagracht fhoriomlán as ullmhú an dá phlean ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2022 faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021.
Tá ionadaíocht ag leibhéal sinsearach ag raon leathan eagraíochtaí ó trasna na hearnála poiblí ar an gCoiste seo, lena n-áirítear Ranna Rialtais, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Garda Síochána, agus an soláthraí earcaíochta poistphoiblí.
LÉIGH FREISIN: Stampa speisialta ag ceiliúradh 100 Bliain de Chraoltóireacht in Éirinn
Tugadh faoi chomhairliúchán agus plé leathan tras-Rialtais agus eile – in ullmhú an Phlean seo – go háirithe mar a bhaineann le croí-sheirbhísí poiblí agus ceantair Ghaeltachta.
Tógadh é freisin ar an taighde luachmhar a rinneadh don Phlean Náisiúnta féin, a léirigh go bhfuil suim shoiléir ann i measc oibrithe san earnáil phoiblí inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú agus go bhfuil dearcadh dearfach ann i leith na teanga go ginearálta.
Féachann na tionscnaimh crosghearrtha atá sa phlean gníomhaíochta seo le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha ar fud na tíre – go háirithe i gceantair Ghaeltachta, trí réimse beart éagsúil. Díríonn sé ar struchtúir thacúla a fhorbairt agus cuimsíonn sé bearta atá dírithe ar fhorbairt acmhainne, feasachta agus scileanna chomh maith le cúrsaí teicneolaíochta.
Cuirtear an-bhéim sa Phlean seo ar bhearta bainteach leis an oll-sprioc earcaíochta a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Mar thoradh ar an obair seo, déanfar normalú ar an nGaeilge agus cuirfear í ag croílár na seirbhíse poiblí, ag cumasú do chainteoirí na teanga í a úsáid agus iad ag déanamh éileamh ar sheirbhísí.
Dúirt an tAire Calleary: “Is mór an onóir dom é, mar an chéad Aire sinsearach le cúram den Ghaeilge agus den Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, an Plean Gníomhaíochta seo a fhoilsiú.
“Ag am nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard, leagan an plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste tras-Rialtais a bheidh le glacadh sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangacha, agus go deimhin sochaí dátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais.
“Cuireann an plean seo tacaíocht agus nuálaíocht i gcroílár na bhforbairtí atá le teacht agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh ar an obair i gcomhar le mo chomhghleacaithe Rialtais agus páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Is am an-spreagúil é seo don Ghaeilge agus sampla amháin de seo is ea FÍS '26 – comhdháil nua, atá á cur ar bun le tacaíocht ó mo Roinnse, chun daoine óga a thabhairt le chéile le linn Sheachtain na Gaeilge chun cur amach a thabhairt dóibh ar na bealaí éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí.
“Tacóidh gníomhartha an phlean seo go mór le hobair eile atá le teacht faoin Acht chomh maith, lena n-áirítear córas na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach, chomh maith le dualgais eile a bhaineann le hainmneacha, teidil agus seoltaí i nGaeilge a thaifeadadh i gceart agus foirmeacha oifigiúla a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach. Táim ag tnúth le tuilleadh a fhógairt faoi seo go léir go luath.
“Tá an obair seo ag teacht go dlúth chomh maith leis an bpróiseas pleanála teanga, faoinar fhoilsigh mé athbhreithniú neamhspleách a rinneadh ar an bpróiseas go dtí seo inné. Baineann go leor de na moltaí san athbhreithniú sin le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht. Tar éis an méadú is mó riamh a bhaint amach d'earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026, infheisteofar €3m breise sa phróiseas pleanála teanga i mbliana.
“Idir an infheistíocht sin agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta a foilsíodh inniu, cuirfear dlús leis an bpróiseas seo sa tréimhse amach romhainn freisin."
Is féidir cóip den Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 a fháil anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.