Aire na Gaeltachta, Thomas Byrne TD | PICTIÚR: SPORTSFILE
Tá Coiste Logainmneacha nua á cheapadh ag Aire na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, chun dul chun cinn a dhéanamh ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla.
Oibreoidh an Coiste Logainmneacha ar bhonn pro bono agus mairfidh a théarma oifige go ceann trí bliana. Tá deichniúr ball, chomh maith le cathaoirleach, le ceapadh ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Byrne. Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheidh ina rúnaí ar an gCoiste.
As seo go ceann cúpla bliain eile beidh an Coiste nuacheaptha ag díriú ar dhréachtorduithe logainmneacha do na contaetha seo a leanas: Co. Laoise, Co. Cheatharlach, Co. Shligigh, Co. an Longfoirt, Co. Mhaigh Eo, Co. na Gaillimhe, Co. Loch Garman agus Co. Liatroma.
Le tosach feidhme tugtha d’Alt 16 den Acht 2021 anois chomh maith, leasaítear Acht na nGiúiréithe 1976. Faoin bhforáil seo, déanfar na fógraí a eisítear chun duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir a eisiúint go dátheangach. I ndáiríre, tá tús curtha leis seo cheana féin de bharr dlúth-chomhoibrithe idir an Roinn agus an tSeirbhís Cúirteanna le bliain nó mar sin anuas. Mar chuid den chomhoibriú seo, rinne an tSeirbhís Cúirteanna aghaidh a thabhairt ar a chinntiú go raibh a tairseach ghiúiré nua in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus aistriú a dhéanamh ar an bpacáiste giúiré.
Maidir le hobair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht i mí an Mheithimh 2022, tá deimhnithe ag an Aire Stáit Byrne anois chomh maith go bhfuil an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge curtha faoina bhráid ag an gCoiste ón 19 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith faoi Alt 18C. den Acht leasaithe mar aon leis na cumhachtaí atá tarmligthe dó mar Aire Stáit na Gaeltachta.
Is toradh é an Plean seo ar dhlúth-chomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach mar aon le páirtithe leasmhara eile a raibh ionchur éagsúla acu i bpróiseas dréachtaithe an Phlean. Ceapadh Ollscoil na Gaillimhe ar chonradh chun tabhairt faoi thaighde a bheadh mar bhunús d’fhorbairt an Phlean Náisiúnta úd.
Mar chuid den taighde seo, ghlac os cionn 35,000 fostaí de chuid comhlachtaí poiblí páirt i suirbhé chun léargas a fháil ar leibhéal inniúlachta reatha na hearnála poiblí. Thug torthaí an tsuirbhé seo léargas soiléir agus luachmhar ar staid reatha na teanga trasna na hearnála agus ar na gníomhartha a bheidh le tógáil chun críche oll-sprioc earcaíochta na reachtaíochta teanga a bhaint amach - is é sin gur daoine inniúil i nGaeilge a bheidh in 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí faoin 31 Nollaig 2030.
Tá trí mhí ag an Aire ón dáta sin anois an Plean a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Rialtais, agus a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin, an Plean a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an Plean Náisiúnta faoi bhráid an Rialtais ansin, beidh dátaí le leagan síos ag an Aire faoina mbeidh na seirbhísí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) agus do LPT curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar aon le hoifigí poiblí lonnaithe in LPT ag feidhmiú trí Ghaeilge – bearta atá á n-éileamh ag pobal na Gaeltachta le fada an lá.
Lena chois sin, cuireadh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh ó bunaíodh é ar an 22 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi bhráid an Aire Stáit agus an Choimisinéara Teanga ar an 28 Meitheamh 2024, ag teacht leis an sprioc a leagadh síos ina leith faoi Alt 18F. den Acht leasaithe.
Bunaithe ar an tuarascáil seo, déanfaidh an Coimisinéir Teanga tráchtaireacht a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire laistigh de 6 mhí ón tuarascáil a fháil.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.