PICTIÚR: Gaoth Dobhair
TÁ SÉ fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., go bhfuil deontais ceadaithe aige do 4 choiste i nDún na nGall chun tograí pobail agus seirbhísí luathbhlianta a fhorbairt.
In LPT Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir, tá deontas suas le €47,320 ceadaithe do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an ionad pobail. Anuas air sin, tá suas le €262,828 ceadaithe do Choiste Bainistíochta Scoil Bhríde chun foirgneamh a thógáil a bheas in úsáid mar naíonra.
In LPT an Ghaeltacht Láir, tá deontas suas le €10,941 ceadaithe do Choiste Forbartha Éadan Fhionn Fhraoich chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an halla pobail agus tá suas le €81,328 ceadaithe do Cúram Leanaí an Chlocháin chun comhairleoirí a cheapadh ar mhaithe le pleananna a ullmhú d’fhorbairt ionad chúram leanaí agus naíonra.
Agus é ag labhairt faoi na tograí seo inniu, dúirt Aire Stáit O’Donovan: "Is samplaí maithe iad na tograí seo den réimse chúnamh caipitil atá ar fáil faoi Chlár Tacaíochta Pobail agus Teanga mo Roinne do ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeltachta.
"Is idir obair athchóirithe, tógáil foirgnimh nua agus táillí gairmiúla atá mar ábhar na ndeontas seo agus beidh áiseanna don phobal i gcoitinne agus áiseanna sa bhreis don luathbhlianta mar thoradh ar na deontais. Is cúis áthais dom a bheith ábalta tacaíocht a thabhairt do na coistí seo i nGaeltacht Dhún na nGall."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.