Cosnóidh sé na milliúin ar Michael Flatley a theach a dheisiú mar gheall ar iarmhair cheimiceach

TÁ SÉ ráite ag Michael Flatley leis an Ard-Chúirt go bhfuil sé féin agus a chlann “croíbhriste” go raibh orthu a dteach i gCorcaigh a fhágáil tar éis dóibh ceimiceán “thar a bheith contúirteach” a aimsiú.
Dúirt an réalta Riverdance nach bhfuil a theach sábháilte faoi láthair mar áit chónaithe do dhaoine agus go gcosnóidh sé thart ar €29m agus dhá bhliain chun an fhadhb a réiteach.
Tá an tUasal Flatley ag cur an dlí ar an Austin Newport Group Limited, an príomhchonraitheoir a líomhnaítear a bheith ann, agus ar dhaoine eile a rinne oibreacha feabhsúcháin ar a réadmhaoin i gCaisleán Uí Dhúiche atá suite taobh amuigh de Mhainistir Fhear Maí, as faillí, contúirt, mealladh, sárú ar rialacháin sláinte agus sábháilteachta, rialacháin tógála agus d sárú ar a chearta maoine.
Maíonn Flatley go raibh a fhios ag na daoine a rinne obair ar an réadmhaoin in 2016 tar éis dóiteán faoin iarmhar guaiseach, ach nár chuir sé in iúl dó faoi nó nár ghlac siad aon bhearta chun an cheist a réiteach.