Tá sé deimhnithe ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún dhá lá den rásaíocht ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe na bliana seo beo Dé hAoine agus Dé Sathairn an 2 agus an 3 Lúnasa.
Áireofar mar chuid den chlúdach beo ar TG4 sceideal ollmhór rásaíochta ina dtaispeánfar 16 rás le linn an dá lá do lucht féachana saor go haer. Tá ríméad ar an gcraoltóir Gaeilge a bheith ag craoladh beo arís as ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh le clúdach na bliana seo caite ar an bhféile.
Seán Bán Breathnach a chuirfidh Rásaí Beo i láthair, agus is iad Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais a bheidh i mbun tráchtaireachta.
Gheobhaidh an t-iriseoir Daragh Ó Conchúir tuairimí na dtraenálaithe, na n-úinéirí agus na marcaithe lasmuigh den fháinne paráide, is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí agus beidh Meghann Scully ag tuairisciú beo as Baile an Bhriotaigh freisin. Cuirfidh an fhoireann clúdach cuimsitheach ón ráschúrsa ar fáil do lucht féachana TG4 agus bí cinnte de go mbeidh neart spraoi agus spóirt againn as Baile an Bhriotaigh chomh maith.
An comhlacht Nemeton TV atá lonnaithe i bPort Láirge a léiríonn Rásaí Beo. Is í an fhoireann seo i nGaeltacht na Rinne a léiríonn Laochra Gael, Peil na mBan Beo agus GAA Beo do TG4 chomh maith.
Sula gcuirfear tús le rás ar bith beidh an láithreoir aimsire agus leanúnachais TG4 Caitríona Ní Chualáin ag tabhairt cuairt ar an ráschúrsa mór le rá seo chun a bhíonn ag tarlú sa chúlra a thaispeáint go heisiach do lucht leanta ardáin meán sóisialta TG4 mar aon leis an bhfaisean go léir thar an dá lá. Bí ag leanúint na gcainéal meán sóisialta @TG4TV agus @SpórtTG4.
Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Rásaí na Gaillimhe Michael Moloney: "Tá ríméad orainn go bhfuil foireann TG4 ar ais in éineacht linn arís anseo ar Ráschúrsa na Gaillimhe d’Fhéile an tSamhraidh Dé hAoine agus Dé Sathairn. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh lucht leanta na rásaí, a bhfuil an-mheas agus luach againn orthu, ar ais go Baile an Bhriotaigh. Táimid faoi réir. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhaibh go léir.”
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Ba mhaith le TG4 buíochas a ghabháil le Ráschúrsa na Gaillimhe agus le Rásaíocht Capall Éireann as deis a thabhairt don stáisiún na rásaí stairiúla seo a thaispeáint don lucht féachana saorchraolta. Is í Féile an tSamhraidh ceann de bhuaicphointí sóisialta na Gaillimhe agus tá mórtas ar TG4 go mbeidh sé ag craoladh na rásaí, na nuachta agus na mbuaicphointí sóisialta go léir as Baile an Bhriotaigh Dé hAoine agus Dé Sathairn.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.