Search

06 Sep 2025

Chluiche Ceannais stairiúil Sinsear na hÉireann TG4 agus Craobhchomórtas 2023 seolta

Beidh gach duine ag iarraidh a bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, Lúnasa 13, nuair a bheidh ócáid stairiúil ar bun chun comóradh a dhéanamh ar an 50ú Cluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4

Bhailigh réaltaí ó na contaetha a bheidh san iomaíocht le chéile ag Páirc an Chrócaigh inniu, Dé Luain, Bealtaine 29 chun Craobhchomórtais Uile-Éireann Pheil na mBan TG4 2023 a sheoladh go hoifigiúil. 

Beidh gach duine ag iarraidh dul go dtí Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, Lúnasa 13, nuair a bheidh ócáid stairiúil ar bun chun comóradh a dhéanamh ar an 50ú Cluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4. 

Bhí captaein na bhfoirne a bhí ag imirt i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann in 1947 - Kitty Ryan-Savage as Tiobraid Árann agus Agnes Gorman as Uíbh Fhailí - i dteannta na n-imreoirí reatha i bPáirc an Chrócaigh inniu chun feachtas 2023 a sheoladh. Is i nDarú i gcontae Laoise a imríodh an chéad Chluiche Ceannais Sinsear Uile-Éireann riamh sa bhliain 1974, cluiche a bhuaigh Tiobraid Árann. 

Chun aitheantas a thabhairt do sin, bhí príomhláithreoir Pheil na mBan TG4, Máire Ní Bhraonáin, i dteannta Louise Ní Mhuircheartaigh (Ciarraí), Maria Reilly (Maigh Eo), Aimee Mackin (Ard Mhacha) agus Niamh O’Sullivan, seaimpín Sinsear Uile-Éireann TG4 na Mí, i gCaisleán Dharú le haghaidh fótaisheisiún promóisin. 

Bhí ionadaithe ón gCraobh Idirmheánach, Síofra Ní Chonaill (An Clár) agus Amy Hamill (Muineachán) i láthair freisin, in éineacht leis na himreoirí sóisear Claire Dunne (Sligeach) agus Ruth Bermingham (Ceatharlach) chun cuidiú leo Craobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2023 a sheoladh. 

Bhí go leor príomhimreoirí i láthair i bPáirc an Chrócaigh inniu freisin agus muid faoi réir anois do shéasúr iontach den Chraobhchomórtas peile. 

Is é TG4 príomhurraitheoirí Chraobhchomórtais na hÉireann i bPeil na mBan ón mbliain 2001 agus tá athrú tagtha ar an gcomhpháirtíocht sin go bhfuil sí ar an gceann is mó aitheantais agus is nuálaí anois i saol an spóirt. Sa bhliain 2022, d’fhógair TG4 síneadh cúig bliana fógartha maidir le hurraíocht an stáisiúin ar Chraobhchomórtais Idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan. Mairfidh an socrú go dtí deireadh shéasúr na bliana 2027. 

Tá na foirne curtha i ngrúpaí do Chraobhchomórtas Idirmheánach agus Sinsear na hÉireann ó tháinig deireadh inné le Craobhchomórtas Idirchúige TG4 don bhliain 2023. Anois agus deireadh tagtha le Craobhchomórtais Idirchúige TG4 2023 inné, tá na grúpaí do Chraobhchomórtas Idirmheánach agus Sinsear na hÉireann socraithe. 

I gcomórtas na Sinsear, beidh na seaimpíní reatha, An Mhí, ag iarraidh comórtas Sinsear Uile-Éireann TG4 a thabhairt leo don tríú bliain as a chéile, go háirithe i ndiaidh dóibh Cluiche Ceannais Laighean a chailleadh in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Tá siad curtha i nGrúpa B den tSraith Uile-Éireann in éineacht le seaimpíní Uladh Dún na nGall agus Port Láirge. 

Tá seaimpíní Chonnacht Maigh Eo, Ard Mhacha, a buaileadh i gCluiche Ceannais Uladh, agus Laois i nGrúpa A, agus tá seaimpíní Laighean Baile Átha Cliath, seaimpíní Roinn 1 de Shraith Náisiúnta Lidl, Ciarraí, a bhfuair Corcaigh an ceann is fearr orthu inné i gCluiche Ceannais na Mumhan, mar aon leis an gCabhán i nGrúpa C. 

I nGrúpa D atá seaimpíní na Mumhan, Corcaigh, Gaillimh, a tháinig sa dara háit i gCúige Chonnacht, agus Tiobraid Árann. Sa Chraobhchomórtas Idirmheánach, bhuail Cill Dara Loch Garman, a d’imir i gCluichí Ceannais na hÉireann in 2021 agus in 2022, i gCluiche Ceannais Laighean inné, agus tá siadsan curtha i nGrúpa C in éineacht le seaimpíní Chonnacht Ros Comáin agus Muineachán. 

Tá Cill Dara i nGrúpa A in éineacht le Liatroim agus Lú, agus is iad an Clár, Tír Eoghain, Uíbh Fhailí agus Loch Garman na ceithre fhoireann atá i nGrúpa B.  I nGrúpa D, beidh seaimpíní nua Idirmheánacha Uladh, Aontroim, a bhuaigh Craobh Shóisear Uile-Éireann TG4 2022, san iomaíocht leis an Longfort agus leis an Iarmhí. 

Maidir leis an gCraobhchomórtas Sinsear agus Idirmheánach, rachaidh dhá fhoireann i ngach grúpa ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais, agus rachaidh an dá fhoireann is fearr i ngach ceann de na grúpaí Sóisear ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais.

Cuirfear tús le Craobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2023 thar an deireadh seachtaine den 10/11 Meitheamh agus cinnfear cúig chluiche Idirmheánacha.  Tá Craobhchomórtas Sinsear TG4 le tosú Dé Sathairn, Meitheamh 17 agus tá an Craobhchomórtas Sóisear le tosú Dé Domhnaigh, Meitheamh 18. 

Nochtfaidh TG4 agus LGFA sonraí go luath faoi sceideal ollmhór teilifíse eile a bheidh ar siúl go dtí deireadh an Chraobhchomórtais i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, Lúnasa 13. 

Tá ríméad ar LGFA agus ar TG4 a dheimhniú go n-imreofar an dá chluiche leathcheannais i gCraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 2023 i ndiaidh a chéile i Staid Semple i nDurlas i gcontae Thiobraid Árann Dé Sathairn, Iúil 29.  Is ar Iúil 18, a chuirfear tús go hoifigiúil leis an 50ú bliain de Chumann Pheil na mBan, a bunaíodh i nDurlas ar Iúil 18, 1974. 

Imreofar Cluichí Ceannais na hÉireann TG4 2023 mar thrí chluiche i ndiaidh a chéile arís eile i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, Lúnasa 13. Is ag 11.45am a bheidh Cluiche Ceannais na Sóisear ar siúl agus ina dhiaidh sin beidh an cluiche cinniúnach Idirmheánach ar siúl ag 1.45pm agus is ag a 4pm a bheidh Cluiche Ceannais na Sinsear á imirt. Beidh teacht ag lucht féachana ar fud an domhain ar Pheil na mBan Beo ar Sheinnteoir TG4 ar https://www.tg4.ie/en/ player/watch-live/home/ agus ar Aip Shoghluaiste agus Theilifís Chliste TG4.


Is í Máire Ní Bhraonáin, iar-pheileadóir mór le rá na Gaillimhe a bheidh i mbun chlúdach Pheil na mBan beo TG4 a chur i láthair arís an séasúr seo amach romhainn. Brian Tyres a bheidh i mbun na foirne tráchtaireachta. I dteannta na foirne tráchtaireachta beidh sainphainéalaithe lena n-áirítear iarbhuaiteoirí Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 le foireann Chorcaí, Rena Buckley agus Rhóna Ní Bhuachalla, iar-imreoir den scoth Phort Láirge Michelle Ryan, buaiteoirí Uile-Éireann Átha Cliath Sorcha Furlong agus Sinéad Finnegan, Niamh Russell as Cill Mhantáin agus imreoir reatha Dhún na nGall Emer Gallagher.  Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe i bPort Láirge, a léireoidh clúdach TG4. 

Thar ceann TG4, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont: “Agus muid ag tús comórtais eile Craoibhe, tá TG4 thar a bheith bródúil as ár gcomhpháirtíocht leis an LGFA mar urra agus mar chraoltóir ar Chraobhacha na hÉireann i bPeil na mBan.  Samhradh stairiúil atá romhainn agus muid ag tabhairt aghaidh ar an 50ú Cluiche Ceannais Sinsear agus is ábhar sásaimh agus bróid dúinn go raibh baint thábhachtach ag TG4 leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an spórt iontach seo.

“Tá an oiread sin le bheith ag súil leis i gComórtais Chraobh TG4 i bPeil na mBan i mbliana ag gach leibhéal - sa Chraobh Shóiséarach, Idirmheánach agus Shinsearach. Feabhsaíonn caighdeán na peile idirchontae gach aon bhliain agus in éineacht leis sin, méadaíonn an comórtas fiachmhar idir na foirne, agus ón méid atá feicthe againn de Shraitheanna Náisiúnta Lidl i mbliana, is cinnte go mbeidh Craobh na Sinsear i mbliana ar cheann de na craobhacha is oscailte agus iomaíche fós.  Tá duais na bliana seo thar a bheith tábhachtach agus stairiúil go mbeidh sé d’onóir ag an bhfoireann an 50ú Craobhchomórtas Uile Éireann Sinsir a thabhairt leo.

“Níl deireadh ar bith leis an meas atá agam ar na mná agus ar na fir a bhfuil an LGFA forbartha acu. Is cinnte gurb é an phríomhinstitiúid i spórt na mban in Éirinn agus bhí sé ar thús cadhnaíochta ar an gcosán fada chun go mbeadh an meas céanna air agus atá ar spórt na bhfear.  Tá roinnt dul chun cinn déanta ina threo sin ach bíonn sé deacair i gcónaí deireadh a chur le claontachtaí atá fréamhaithe go domhain. De bharr gur craoltóir mionteanga muid, creidim go dtuigeann TG4 an streachailt sin chun comhionannas sochaíoch de chineál éigin agus go bhfuil an dlúthpháirtíocht idir an dá eagraíocht thar a bheith láidir.

“Tá an dlúthpháirtíocht sin bunaithe go mór ar neart an chaidrimh comhpháirtíochta atá cruthaithe ag an LGFA le TG4 agus an ról thar a bheith stairiúil a bhí ag Helen O’Rourke an Príomhfheidhmeannach i bhforbairt agus i gcothú na comhpháirtíochta sin.  Molaim go hard an tUachtarán Mícheál Naughton, an fhoireann den scoth sa LGFA agus gach duine i ngach struchtúr bainistíochta cumainn, contae, idirchontae agus náisiúnta atá ag obair go crua chun Peil na mBan a chur i dtreo a 50ú Cluiche Ceannais Sinsir agus a 50ú bliain. Ba mhaith liom buíochas freisin a ghlacadh le gach duine i TG4 agus i Nemeton as a saothar seachtainiúil ag cur clúdach spóirt den chéad scoth ar fáil ar TG4 agus guím gach rath ar na foirne agus ar a lucht leanta a bheidh páirteach i gCraobhacha TG4 2023.”

Dúirt Uachtárán Chumann Pheil na mBan, Mícheál Naughton: “Tá fíorimirt go deo feicthe againn go dtí seo i Sraitheanna Náisiúnta Lidl agus Craobhacha Idirchúige TG4 - agus anois tá sé beagnach in am tús a chur le Craobhchomórtais Uile Éireann TG4 2023. Agus muid ag ullmhú tús a chur leis an 50ú bliain de Chumann Pheil na mBan, is lá stairiúil a bheidh ann ar an 13 Lúnasa i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhronnfar an duais mhór ar sheaimpíní Sinsear na hÉireann den 50ú huair. 

“Tharla roinnt nithe ollmhóra staire sna 49 feachtas Craoibhe Sinsir agus is iomaí laoch atá tagtha chun cinn ó shin. Agus muid ag ullmhú do shéasúr 50 den Chraobhchomórtas Sinsir, is féidir linn a bheith ag tnúth le comórtas a bhfuil an chuma air gur rása oscailte amach is amach a bheidh ann agus roinnt de na foirne ag cur tús le sraith Uile Éireann TG4 agus iad den tuairim go bhfuil fíorsheans go deo acu Corn Brendan Martin a thabhairt leo. Táimid ag súil go mór freisin le Peil den scoth sa Chraobhchomórtas Idirmheánach agus sa Chraobhchomórtas Sóisear, agus na foirne sna comórtais seo ag tabhairt aghaidh ar a chéile féachaint leis na coirn náisiúnta a thabhairt abhaile leo agus deis a bheith acu imirt ag grád níos airde sa Chraobh. 

“Ní bheidh lucht spéise Pheil Ghaelach na mBan ag iarraidh nóiméad den aicsean a chailleadh, agus bronnfar na coirn ar na Seaimpíní Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear ar an 13 Lúnasa. Ba mhaith linn buíochas mór a chur in iúl d’Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, do Cheannasaí Spórt TG4 Rónán Ó Coisdealbha agus don fhoireann go léir i TG4 as an tacaíocht leanúnach a thugann siad do Pheil na mBan. Mar is iondúil, ní mór dúinn cúnamh na gcumann agus na gcontaetha a bheith againn lena chinntiú go mbeidh lucht tacaíochta sna hardáin agus sna seastáin ag tacú leis na himreoirí idirchontae ar feadh shéasúr an Chraobhchomórtais, rud atá tuillte go maith acu."

Grúpaí Chluichí Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2023

Na Sinsir: 

Grúpa A: Maigh Eo,   Ard Mhacha,   Laois 

Grúpa B: Dún na nGall,  An Mhí,   Port Láirge  

Grúpa C: Baile Átha Cliath,   Ciarraí , An Cabhán 

Grúpa D: Corcaigh,  Gaillimh,   Tiobraid Árann  

Idirmheánach: 

Grúpa A: Cill Dara,  Liatroim,   Lú 

Grúpa B: An Clár, Tír Eoghain,   Uíbh Fhailí, Loch Garman 

Grúpa C: Ros Comáin, Cill Mhantáin, Muineachán 

Grúpa D: Aontroim, An Longfort,   An Iarmhí 

Na Sóisir: 

Grúpa A: Sligeach, Cill Chainnigh, Luimneach, An Dún 

Grúpa B: Doire, Ceatharlach, Londain, Fear Manach 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.