Tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le RTÉ is ea Creidim Ionat lena n-iarrtar ar chách a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge sprioc teanga a roghnú len í a bhaint amach, le cúnamh ó mheantóir agus ón réimse leathan acmhainní atá ar fáil mar chuidiú.
D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt nathanna cainte nua a úsáid, amhrán Gaeilge a fhoghlaim, nó leabhar Gaeilge a léamh.
Tá Foras na Gaeilge, an comhlacht poiblí ar a bhfuil freagracht as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann, i mbun cainteoirí Gaeilge a spreagadh chun iad féin a chur chun cinn mar mheantóir d’fhonn tacú le meantaí sprioc teanga a bhaint amach.
Is é Aindriú de Paor, léiritheoir agus láithreoir le RTÉ 2FM, Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Beo ar Éigean agus duine eile a fhógrófar mar mheantóir go luath, príomhláithreoirí an fheachtais i mbliana.
Cuirfidh Aindriú de Paor oiliúint ar The 2 Johnnies ar a n-aistear Gaeilge i dtreo na sprice atá acu chun ‘When I Play For County’ a chanadh as Gaeilge beo ar an aer don náisiún, agus beidh Sinéad Ní Uallacháin ag taisteal fud fad an oileáin chun fáil amach faoin úsáid a bhaineann pobail as an nGaeilge idir chóir agus leanaí ón Úcráin atá ag freastal ar scoil náisiúnta i nGaeltacht Chonamara.
Seoladh Creidim Ionat (I Believe in You), an feachtas Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge an deireadh seachtaine seo le linn Fhéile Naomh Pádraig i gCeathrú na bhFéilte, Dún Uí Choileáin.
Ar an Satharn, 16 Márta bhuail cuairteoirí isteach chuig An gCeathrú Ghaeltachta agus fuair siad amach conas an chéad chéim eile a thógáil i dtaca leis an nGaeilge trí chluichí i nGaeilge, an cúpla focal leis na láithreoirí Megan Scully agus Jamie Ó Flannúra agus trí chlárú do Creidim Ionat 2024.
Chomh maith leis sin, beidh Foras na Gaeilge, in éineacht lena gcuid comhpháirtithe, i mbun comhordú a dhéanamh ar ranganna Gaeilge ar líne atá ar fáil do chách agus do dhuine ar bith, is cuma faoi chaighdeán na Gaeilge atá acu faoi láthair.
Cuirfear tús le ranganna beo ar líne le Gael Linn ar an 8 Aibreán agus beidh siad ar siúl ar feadh ceithre seachtaine agus beidh ceithre leibhéal i gceist, Glantosaitheoirí, Feabhsaitheoirí Meirgeacha, Feabhsaitheoirí Idirmheánacha, Feabhsaitheoirí Forbartha.
I ngach aon leibhéal, beifear ag díriú ar an nGaeilge labhartha chomhráiteach agus is €5 an táille in aghaidh an cheachta. Clúdófar réimse ábhair le linn na ranganna, lena n-áireofar cúrsaí teaghlaigh, taistil, siamsaíochta agus ceoil. Tá na sonraí ar fad maidir leis na ranganna agus faoin mbealach chun clárú ar fáil anseo: bit.ly/CreidimIonat24
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.