Search

06 Sep 2025

Ábhar eisiach toghcháin a chraoladh ar Lá na Vótála agus d’fhéadfá bheith sa lucht féachana

Beidh clúdach leanúnach acu n deireadh seachtaine ar fad ar na meáin shóisialta ar Facebook, X agus Instagram le #Vóta24

Déanfaidh TG4 craoladh beo ar thorthaí na dToghchán Áitiúil agus Eorpach ar an gclár Vóta 2024 Dé Sathairn, an 8 Meitheamh idir 12-2in agus arís tráthnóna ón 7:15in agus Dé Domhnaigh, an 9 Meitheamh ón 12-1in agus ar Nuacht TG4 ón 7pm.  

Beidh iriseoirí Nuacht TG4 beo ó na hionaid chomhairimh ar fud na tíre agus déanfaidh polaiteoirí agus tráchtairí eolasacha anailís ghéarchúiseach ar na gnéithe is suntasaí sna toghcháin ó stiúideo TG4.  

Is iad Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt, láithreoirí Nuacht TG4, a chuirfidh na cláir i láthair agus ina dteannta beidh Iar-Cheannaire Fhine Gael, Alan Dukes, Éamon Ó Cuív T.D., Fianna Fáil, Mairéad Farrell T.D., Sinn Féin, An tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh, Iarrthóir Uachtaránachta 2018 agus Toiréasa Ferris, Iar-Chomhairleoir de chuid Sinn Féin agus Iar Aire-Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley. 

Beidh clúdach leanúnach acu an deireadh seachtaine ar fad ar na meáin shóisialta ar Facebook, X agus Instagram le #Vóta24.

Roimhe sin ar an Mháirt, 4 Meitheamh beidh deis ag daoine freastal ar chraoladh beo de chuid 7 LÁ ó Sheanscoil Sailearna in Indreabhán i nGaillimh. 

Cláraigh anseo le bheith sa lucht féachana - tá sé riachtanach clárú roimh ré.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.